Staidéir Ghnó agus Céimeanna a bhaineann le Gnó agus Cuóta i gcomhair iontráil na bliana 2018
Is mian le hIonad Iarratas Iarchéime (PAC) aird iarratasóirí a tharraingt ar cuóta ábhair i gcomhair iontráil na bliana 2018. Is gá sin mar gheall ar líon rómhór iarratas ar na céimeanna sin i gcás na gclár éagsúil Máistir Gairmiúil san Oideachas (NUI) atá ar fáil sna ceithre Ollscoil de chuid Ollscoil na hÉireann (UCC, UCD, NUI, G & MU).
Beidh feidhm ag an gcuóta ábhair maidir le gach iarratasóir ag a bhfuil aon chéim i Staidéir Ghnó, Commerce nó in ábhar a bhaineann le Gnó ar céimeanna iad a measann an Chomhairle Mhinteoireachta (féach anseo) ina leith gur céimeanna cáilithe iad.
Má tá aon cheann de na hábhair seo a leanas agat i do chlár céime Leibhéal 8, cuirfear isteach sa chóras cuótaí thú: Gnó, Eacnamaíocht, Tráchtáil nó Cuntasaíocht.
Is ceart a thuiscint go ndéanfaidh na ceithre Ollscoil de chuid Ollscoil na hÉireann uasmhéid 10% de na háiteanna atá ar fáil a cheadú i gcomhair iarratasóirí den sórt sin.
I gcás níos mó iarratasóirí ná áiteanna a bheith ann, tabharfaidh PAC an lion teoranta áiteanna dóibh sin ag a bhfuil an líon pointí is airde, agus an líon sin bunaithe ar chritéir mheasúnachta PAC.
Maidir leis an gcóras a úsáidtear chun lion pointí iarratasóra a chinneadh, tá sé le fáil anseo.
Tá sé de chead ag PAC cóid na gcáilíochtaí a athrú (más gá) sa chás go meastar go mbaineann an cháilíocht le Staidéir Ghnó agus Céimeanna a bhaineann le Gnó.