Deimhnithe mar Chóipeanna Dílse

Is féidir CÓIPEANNA DÍLSE DEIMHNITHE a fháil tríd an doiciméad bunaidh agus fótachóip de a thabhairt chuig d’Ollscoil/do Choláiste, do Stáisiún Garda Síochána (Stáisiún Póilíní Áitiúil), Aturnae, Teach Cúirte nó Coimisinéir Mionnaí chun stampa oifigiúil a chur air/orthu á rá gur cóip dhílis den doiciméad bunaidh é/iad. Ní leor fótachóipeanna gan deimhniú orthu a chur ar fáil. Tabhair do d’aire, le do thoil, nach ndéantar na doiciméid seo a thabhairt ar ais duit.

Is éard is ‘cóip dheimhnithe’ ann fótachóip den doiciméad bunaidh atá deimhnithe mar fhíorchóip ag údarás inniúil (is é sin, é a bheith sínithe ag dlíodóir, Coimisinéir Mionnaí, dochtúir míochaine, giúistís síochána, riarthóir ollscoile, oifigeach a fhorfheidhmíonn an dlí go háitiúil m.sh. Garda Síochána etc.). Ní ghlacfar le fótachóipeanna de ‘chóipeanna deimhnithe’.