Message

We are currently updating our website.
You may notice that different areas look and work differently but don't worry.
If you get into any trouble you can always go to the main home page here or email us at pachelp@pac.ie
Thank you, The PAC team.
PAC Online Applications

Láithreán Gréasáin an Ionaid Iarratas Iarchéime Teo. Ráiteas Príobháideachta

Is eagraíocht í an PAC a bunaíodh sa bhliain 1998 chun próiseáil lárnach a dhéanamh ar iarratais ar iontráil i gcúrsaí iarchéime a mhúintear agus atá bunaithe ar thaighde in institiúidí tríú leibhéal i bPoblacht na hÉireann.

Is é cuspóir an PAC próiseáil lárnach a dhéanamh ar iarratais iarchéime ar chúrsaí ardoideachais agus déileáil leo ar shlí éifeachtúil chothrom.

Coimeádann na hInstitiúidí Ardoideachais an fheidhm a bhaineann le cinntí a dhéanamh maidir le hiontráil.

Baineann an ráiteas príobháideachais seo leis na cleachtais phríobháideachais atá ann i dtaca le láithreán gréasáin an Ionaid Iarratas Iarchéime. Tá nascanna le láithreáin ghréasáin inaitheanta go soiléir mar nascanna den sórt sin. Nílimid freagrach as ábhar ná cleachtais phríobhaideachais láithreán gréasáin eile.

Ráiteas ginearálta

Urramaíonn an tIonad Iarratas Iarchéime do cheart chun príobháideachais agus ní bhaileoidh sé aon fhaisnéis phearsanta fút ar an láithreán gréasáin seo gan do chead a fháil ina leith. Aon fhaisnéis phearsanta a thabharfaidh tú, déileálfar léi de réir na gcaighdeán is airde ó thaobh slándála agus rúndachta de, agus déanfar sin go hiomlán de réir na nAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 & 2003.

Faisnéis theicniúil a bhailiú agus a úsáid

Ní bhailíonn an tIonad Iarratas Iarchéime aon sonraí pearsanta fút ar an láithreán gréasáin seo, ar leith ó fhaisnéis a thugann tú féin go toildeonach (mar shampla, trí theachtaireachtaí ríomhphoist a chur chugainn nó trí leas a bhaint as ár gcuid seirbhísí iarratais ar líne). Ní dhéantar aon fhaisnéis a sholáthraíonn tú sa tslí sin a chur ar fáil d’aon duine seachas na hInstitiúidí Ardoideachais atá páirteach sa chóras agus ní chuirtear ar fáil d’aon tríú páirtithe í. Ní úsáidtear an fhaisnéis a sholáthraíonn tú ach amháin i gcomhréir leis an gcuspóir dá dtugtar í.

Tá ceart agat cóip a fháil d’aon chuid de na sonraí pearsanta fút atá á gcoimeád ag PAC. Féadfaidh tú iarraidh a dhéanamh i scríbhinn chuig an seoladh poist nó chuig an seoladh ríomhphoist thuas. Ar mhaithe le haitheantas, ní mór duit d’ainm iomlán a sholáthar de réir mar a thug tú do PAC é, mar aon le do dháta breithe agus do sheoladh poist (ba chabhair é freisin dá mbeadh d'uimhir iarratais PAC ar fáil). Déanfaidh PAC cóip chlóite de do chuid sonraí pearsanta, de réir mar atá siad ar ár gcuid comhad, a thabhairt duit 40 lá tar éis an iarraidh scríofa a fháil uait. Forchoimeádann PAC an ceart chun táille, nach mbeidh níos mó ná €6.35, a ghearradh as an tseirbhís sin a sholáthar ach, ag féachaint don éileamh beag ar sheirbhís den sórt sin go dtí seo, déanann PAC cóipeanna clóite de shonraí pearsanta a sholáthar saor in aisce de ghnáth.

Faisnéis theicniúil a bhailiú agus a úsáid

Ní úsáideann an láithreán gréasáin seo fianáin (cookies), ar leith ó fhianáin shealadacha “seisiúnach” lena gcumasaítear do bhrabhsálaí gréasáin an úsáidire cuimhneamh ar na leathanaigh de chuid an laithreáin gréasáin seo ar tugadh cuairt orthu cheana féin. Is féidir le cuairteoirí an láithreán gréasáin seo a úsáid gan aon fheidhmiúlacht a chailliúint má dhíchumasaítear na fianáin ón mbrabhsálaí gréasáin. D’fhéadfadh sé go ndéanfar sonraí teicniúla, i dtaca le cuairteanna ar an laithreán gréasáin seo, a thaifeadadh chun críocha staitistiúla. Maidir leis na sonraí teicniúla a thaifeadtar, baineann siad leis na nithe seo a leanas amháin:
  1. seoladh IP fhreastalaí gréasáin an chuairteora
  2. an t-ainm fearainn barr-leibhéil a úsáidtear (mar shampla .ie, .com, .org, .net)
  3. an seoladh láithreáin gréasáin ónar shroich an cuairteoir sinn roimhe seo, lena n-áirítear aon téarmaí cuardaigh a úsáideadh
  4. sonraí clicshrutha lena dtaispeántar trácht cuairteoirí ar an láithreán gréasáin seo (mar shampla, leathanaigh a léitear agus doiciméid a íoschóipeáiltear)
  5. an cineál brabhsálaí gréasáin a úsáideann cuairteoirí ar an láithreán gréasáin.


Ní dhéanfaidh an tIonad Iarratas Iarchéime aon iarracht cuairteoirí ar leithligh a shainaithint ná na sonraí teicniúla atá liostaithe thuas a chur i mbaint le haon duine ar leithligh. Is é polasaí an Ionaid Iarratas Iarchéime gan eolas teicniúil den sórt sin i leith cuairteoirí ar leithligh ar an láithreán gréasáin a nochtadh riamh d’aon tríú páirtithe mura rud é go gceanglaítear orthu déanamh amhlaidh le riail dlí. An tIonad Iarratas Iarchéime amháin a úsáidfidh an t-eolas teicniúil agus is chun críocha staitistiúla agus chun críocha riaracháin eile amháin a úsáidfear é. Is ceart duit a thabhairt do d’aire nach "sonraí pearsanta” iad, chun críocha na nAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 & 2003, sonraí teicniúla nach féidir a chur i mbaint le haon duine ar leithligh atá insainaitheanta.

Gluais téarmaí teicniúla a úsáidtear

Brabhsálaí gréasáin
Na bogearraí a úsáideann tú chun leathanaigh ghréasáin a léamh. Samplaí díobh sin is ea Microsoft Explorer, Mozilla Firefox, Netscape Navigator agus Opera.

Seoladh IP
Sonraí sainiúla do ríomhaire (nó ríomhaire do sholáthróra seirbhíse idirlín) arna léiriú i gcód “prótacal idirlín” (mar shampla 192.1.214.10). Tá seoladh uathúil IP ag gach ríomhaire atá i gceangal leis an idirlíon cé nach gá go mbeidh an seoladh mar a chéile gach tráth a dhéantar ceangal leis an idirlíon.

Fianáin
Píosaí beaga eolais, a stóráiltear i dtéacschomhaid shimplí; cuireann láithreáin ghréasáin áirithe ar do ríomhaire iad. Is féidir leis na láithreáin ghréasáin sin fianáin a léamh le linn cuairteanna ina dhiaidh sin. Maidir leis an eolas a stóráiltear i bhfianán, baineann sé le do nósanna brabhsála ar an leathanach gréasáin, b’fhéidir, nó tá uimhir uathúil aitheantais ann ionas gur féidir leis an láithreán gréasáin lena mbaineann ‘cuimhneamh’ ort nuair a fhilleann tú ar an láithreán. I gcoitinne, ní bhíonn eolas pearsanta i bhfianáin is é sin le rá eolas ónar féidir tú a shainaithint mura rud é go bhfuil eolas den sórt sin tugtha agat ar an láithreán gréasáin lena mbaineann.