Message

We are currently updating our website.
You may notice that different areas look and work differently but don't worry.
If you get into any trouble you can always go to the main home page here or email us at pachelp@pac.ie
Thank you, The PAC team.
PAC Online Applications

PAC Online Application System - Ollscoil Mhá Nuad Ceisteanna Coitianta

1. 
Tá 2 leathanach le comhlánú. Tá foirm sampla le fáil anseo:
2. 
Comhlánaíonn tú foirm iarratais ar líne agus, ina dhiaidh sin, cuireann tú cóip chrua de dhoiciméid eile tacaíochta ar aghaidh leis an bpost (chuig PAC).
Chun iarratas ar líne a dhéanamh Logáil isteach ar chóras PAC* Seoladh Idirlín: www.pac.ie Roghnaigh: Ollscoil Má Nuad Roghnaigh: Mo Chuntas Chun stádas reatha an iarratais a fheiceáil: Cliceáil ar 'Stádas'
*Caithfidh úsáideoirí PAC ainm úsáideora (seoladh ríomhphoist) agus pasfhocal a roghnú sula ndéanfaidh said iarratas, roghnaigh an áit chuí ar dheis ar leathanach baile PAC le logáil isteach.
3. 
Is ea. Caithfear an chéad leathanach den fhoirm iarratais, seachas uimhir an mhic léinn, a chomhlánú. Ina dhiaidh seo, féadfaidh tú d’iarratas a shábháil tráth ar bith. As sin amach, chun iarratas atá sábháilte a chomhlánú, téigh chuig Mo Chuntas ar an gcóras iarratais ar líne.
Féach ar an fhoirm iarratais shamplach i gCeist 1 chun a fháil amach cad iad na ceisteanna is dóigh a chuirfear ort le linn an phróisis iarratais.
4. 
Ba chóir do mhic léinn nach mic léinn Ollscoil Má Nuad iad Birth Certificate or copy of passport agus cóip dá dtorthaí, agus más gá, cumas sa Bhéarla. Caithfear cóipeanna a dheimhniú mar chóipeanna dílse. Tabhair faoi deara nach dtabharfar ar ais aon bhunchóipeanna a sheolfar isteach. Cuir gach cáipéisíocht ar fáil ar pháipéar A4.
FOIRMEACHA COMHLÁNTACHA: Tabhair faoi deara go bhfuil foirmeacha breise comhlántacha le híoslódail agus le comhlánú do chláir áirithe a fochéime. Má bhaineann sé leis an gclár nó na cláir a bhfuil tú ag déanamh iarratais ina leith, beidh foirmeacha comhlántacha aibhsithe (le Cód an Chúrsa) le híoslódáil nuair a bheas an íocaíocht déanta sa bhosca N.B Léigh Treoracha Tábhachtacha.
5. 
Tar éis duit na sonraí íocaíochta maidir le do tháille iarratais a chur ar aghaidh ar an gcóras iarratais ar líne, ní mór duit an Admháil i leith an Iarratais a chló. Beidh d’Uimhir Iarratais PAC san áireamh san eolas ar an Admháil i leith an Iarratais. Is féidir d’uimhir PAC agus a stádas a léiriú ar Mo Chuntas chomh maith.
6. 
Is é atá sa táille iarratais ar líne (ach cárta dochair nó cárta creidmheasa a úsáid) ná €35.00. Is féidir íoc níos deireanaí, le cárta dochair nó creidmheasa ar chostas €35.00 nó le dréacht bainc ar chostas €40. Tá an táille phróiseála iarratais ar líne iníoctha le PAC agus níl sé inaisíoctha.
7. 
Le cárta dochair/creidmheasa amhain. Ní ghlactar le seiceanna pearsanta ná le horduithe poist.
8. 
I gcás iarratasóirí a úsáideann seoltaí ríomhphoist ar seoltaí gréasán-phoist iad, is ceart dóibh a thabhairt dá n-aire go bhféadfadh sé tarlú, má tá rogha ardleibhéil i bhfeidhm sa chuntas ríomhphoist i dtaca le scagadh dramhphoist de, go ndéanfar teachtaireachtaí ríomhphoist ón Ionad Iarratas Iarchéime agus ó Ollscoil Mhá Nuad, a áireamh mar a bheadh dramhphost ann. Ní mór duit an leibhéal scagtha i dtaca le dramhphost de a laghdú nó seoltaí ríomhphoist an Ionaid Iarratas Iarchéime (info@pac.ie) agus Ollscoil Mhá Nuad a chur isteach sa liosta seoltaí iontaofa ríomhphoist a nglactar teachtaireachtaí uathu.
9. 
Má tá tú ag fanacht le torthaí scrúduithe a fháil fós (trascríbhinn), cuir an méid sin chuig PAC nuair a fhaightear é. Molaimid duit gach doiciméad tacaíochta a chur chugainn a luaithe is féidir mar nach mbeidh stiúrthóir cláir ábalta, i gcásanna áirithe, d’iarratas a bhreithniú go dtí mbeidh na doiciméid go léir aige/aici. Ní chealófar d’iarratas má thagann do chuid doiciméad déanach: ach d’fhéadfadh sé tarlú nach féidir d’iarratas a bhreithniú láithreach gan an t-eolas breise seo a bheith ar fáil.
10. 
If a particular programme has not been filled by the closing date, late applications will be considered.
11. 
Gheobhaidh tú teachtaireacht ríomhphoist ón Ionad Iarratas Iarchéime á rá leat stádas d’iarratais a sheiceáil sa Roinn dar teideal Mo Chuntas ar an gcóras iarratais ar líne. Tá sé thar a bheith tábhachtach go soláthraíonn tú an seoladh ceart ríomhphoist ar d’iarratas ar líne agus go bhfuil do chuntas ríomhphoist ag feidhmiú i gceart. Tá sé tábhachtach freisin go seiceálann tú do chuntas ríomhphoist go tráthrialta.
12. 
Seoladh Idirlín: www.pac.ie/ugrad
Roghnaigh: Ollscoil Má Nuad
Roghnaigh: Mo Chuntas
Chun stádas reatha an iarratais a fheiceáil: Cliceáil ar `Stádas`

Áireofar sa tsaoráid ‘Mo Chuntas’ eolas cothrom le dáta faoi d’iarratas agus an cinneadh deiridh maidir le d’iarratas.
13. 
Ar thug tú an seoladh ceart ríomhphoist (seiceáil ar an Admháil ó PAC i ndáil leis an Iarratas)? An bhfuil do chuntas ríomhphoist tar éis an teorainn spáis a shárú? D’fhéadfadh sé go mbeidh ort roinnt dramhtheachtaireachtaí/teachtaireachtaí nach bhfuil ag teastáil a thuilleadh a scriosadh chun spás a fhágáil ionas gur féidir teachtaireachtaí a fháil ó PAC. An bhfuil do chuntas ríomhphoist ag feidhmiú i gceart? Má tá (agus más rud é nach bhfuil teachtaireachtaí á bhfáil agat i gcónaí), is ceart duit dul i dteagmháil leis an Ionad Iarratas Iarchéime ag 091-549260.
14. 
I gcoitinne, idir 4 seachtaine agus 6 seachtaine tar éis an dáta dheireanaigh.
15. 
Ní féidir, caithfidh tú iarratas ar líne a chomhlánú. Beidh seoladh beo ríomhphoist ag teastáil chun an tsaoráid seo a úsáid mar go ndéanfar gach comhfhreagras maidir le d’iarratas a chur chugat le ríomhphost. Mura bhfuil teacht agat ar ríomhaire pearsanta sa bhaile nó ag an obair, b’fhéidir go mbeadh gaol nó cara de do chuid in ann cabhrú leat. Ina theannta sin, is ceart go mbeadh saoráidí idirlín ar fáil i do leabharlann áitiúil nó i gCaife Idirlín.
16. 
Cinntigh go bhfuil www.pac.ie roghnaithe mar láithreán sábháilte agat ar do bhrabhsálaí. Féach ‘Help’ ar do bhrabhsálaí chun treoracha a fháil. Má tá Netscape in úsáid agat, b’fhéidir go mbeadh ort athrú go Internet Explorer.
17. 
18. 
Más mian leat cúrsa ar d’iarratas ar iarchéim teagaisc AE i Ollscoil Má Nuad a chur ar ceal, tá an deis sin ar do Mo Chuntas PAC do Ollscoil Mhá Nuad. Seoladh Idirlín: www.pac.ie/ugrad Logáil isteach ar chóras PAC le do sheoladh ríomhphoist agus pasfhocal Roghnaigh: Mo Chuntas Chun stádas reatha an iarratais a fheiceáil: Cliceáil ar `Stádas` Chun cúrsa i d’iarratas nó áit ar ghlac tú léi a chur ar ceal, cliceáil an rogha Cealaigh trasna ó chód an chúrsa.