Message

We are currently updating our website.
You may notice that different areas look and work differently but don't worry.
If you get into any trouble you can always go to the main home page here or email us at pachelp@pac.ie
Thank you, The PAC team.
PAC Online Applications

PAC Online Application System - DCU Ceisteanna Coitianta

1. 
Seoladh Idirlín: www.pac.ie Logáil isteach ar chóras PAC* Roghnaigh: Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath Roghnaigh: Mo Chuntas Chun stádas reatha an iarratais a fheiceáil: Cliceáil ar 'Stádas' *Caithfidh úsáideoirí PAC ainm úsáideora (seoladh ríomhphoist) agus pasfhocal a roghnú sula ndéanfaidh said iarratas, roghnaigh an áit chuí ar dheis ar leathanach baile PAC le logáil isteach.
2. 
Tá 2 leathanach le comhlánú. Ní hé an leagan amach céanna atá ar iarratas do chlár a mhúintear agus atá ar iarratas do chlár taighde, tá foirmeacha samplacha le fáil anseo:
3. 
Is é atá sa táille iarratais ar líne (ach cárta dochair nó cárta creidmheasa a úsáid) ná €35.00. Is féidir íoc níos deireanaí, le cárta dochair nó creidmheasa ar chostas €35.00 nó le dréacht bainc ar chostas €40. Tá an táille phróiseála iarratais ar líne iníoctha le PAC agus níl sé inaisíoctha. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bpróiseálfar d’iarratas go dtí an dáta a fhaigheann an tIonad Iarratas Iarchéime íocaíocht don táille iarratais (cinntigh go bhfaigheann tú deimhniú postála nuair a chuireann tú do tháille iarratais sa phost). Is ceart íocaíochtaí atá á ndéanamh trí Ordú Poist nó Dréacht Bainc a dhéanamh díreach i ndiaidh d'iarratas ar líne a dhéanamh.
4. 
Chomh maith le híocaíochtaí le cárta creidmheasa agus le cárta Laser, tá rogha ann freisin chun an íocaíocht a chur ar aghaidh, mar aon le táille bhreise riaracháin €5, i bhfoirm Ordaithe Poist nó Dréachta Bainc, iníoctha leis an Ionad Iarratas Iarchéime. Dá bhrí sin, is é €40 an táille iomlán le haghaidh íocaíochta nach ndéantar le cárta creidmheasa.

Tabhair do d’aire, le do thoil, nach ndéanfar d’iarratas a phróiseáil go dtí an dáta a fhaigheann an tIonad Iarratas Iarchéime íocaíocht i leith na táille iarratais (bí cinnte go bhfaighidh tú deimhniú postála nuair atá an táille iarratais á cur leis an bpost). Is ceart íocaíochtaí i bhfoirm Ordaithe Poist agus Dréachta Bainc a dhéanamh díreach i ndiaidh an t-iarratas ar líne a chur ar aghaidh.
5. 
I gcás iarratasóirí a úsáideann seoltaí ríomhphoist ar seoltaí gréasán-phoist iad, is ceart dóibh a thabhairt dá n-aire go bhféadfadh sé tarlú, má tá rogha ardleibhéil i bhfeidhm sa chuntas ríomhphoist i dtaca le scagadh dramhphoist de, go ndéanfar teachtaireachtaí ríomhphoist ón Ionad Iarratas Iarchéime agus ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a áireamh mar a bheadh dramhphost ann. Ní mór duit an leibhéal scagtha i dtaca le dramhphost de a laghdú nó seoltaí ríomhphoist an Ionaid Iarratas Iarchéime (info@pac.ie) agus Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (openeducation@dcu.ie) a chur isteach sa liosta seoltaí iontaofa ríomhphoist a nglactar teachtaireachtaí uathu.
6. 
Ní féidir, caithfidh tú iarratas ar líne a chomhlánú. Beidh seoladh beo ríomhphoist ag teastáil chun an tsaoráid seo a úsáid mar go ndéanfar gach comhfhreagras maidir le d’iarratas a chur chugat le ríomhphost. Mura bhfuil teacht agat ar ríomhaire pearsanta sa bhaile nó ag an obair, b’fhéidir go mbeadh gaol nó cara de do chuid in ann cabhrú leat. Ina theannta sin, is ceart go mbeadh saoráidí idirlín ar fáil i do leabharlann áitiúil nó i gCaife Idirlín.
7. 
Cinntigh go bhfuil www.pac.ie roghnaithe mar láithreán sábháilte agat ar do bhrabhsálaí. Féach ‘Help’ ar do bhrabhsálaí chun treoracha a fháil. Má tá Netscape in úsáid agat, b’fhéidir go mbeadh ort athrú go Internet Explorer.
8. 
Gheobhaidh tú teachtaireacht ríomhphoist ón Ionad Iarratas Iarchéime á rá leat stádas d’iarratais a sheiceáil (sa Roinn dar teideal `Mo Account` ar an gcóras iarratais ar líne). Tá sé thar a bheith tábhachtach go soláthraíonn tú an seoladh ceart ríomhphoist ar d’iarratas ar líne agus go bhfuil do chuntas ríomhphoist ag feidhmiú i gceart. Tá sé tábhachtach freisin go seiceálann tú do chuntas ríomhphoist go tráthrialta.
9. 
Tar éis duit na sonraí íocaíochta maidir le do tháille iarratais a chur ar aghaidh ar an gcóras iarratais ar líne, ní mór duit an Admháil i leith an Iarratais a chló. Beidh d’Uimhir Iarratais PAC san áireamh san eolas ar an Admháil i leith an Iarratais. Féadfaidh tú breathnú ar Chóras PAC chomh maith, agus My Account sa roghchlár ar ard a roghnú. Beidh iarratais chomhlánaithe agus neamhchomhlánaithe le feiceáil anseo.
10. 
Nuair a logálfaidh tú isteach i do chuntas PAC, roghnaigh 'My Account', roghnaigh d’iarratas trí chliceáil ar 'Státas', beidh nasc 'Tuilleadh Eolais' le feiceáil faoin gcolún 'Cinneadh'. Má chliceálann tú ar an nasc sin, gheobhaidh tú sonraí i dtaobh conas glacadh le tairiscint, mar aon le seoladh teagmhála ríomhphoist dár nOifig Airgeadais.
11. 
I gcás iarratasóirí ag a bhfuil deacracht maidir le hiarratas ar líne a dhéanamh, is féidir leo dul i dteagmháil le PAC ag an
Ionad Iarratas Iarchéime,
1 Cearnóg Theach na Cúirte,
Gaillimh,
Éire.
Teil: + 353 (0)91 549260
Facs: +353 (0)91 563056
12. 
Más mian leat cúrsa ar d’iarratas ar iarchéim teagaisc AE i Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a chur ar ceal, tá an deis sin ar do Stádas Iarratais PAC do Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Seoladh Idirlín: www.pac.ie Logáil isteach ar chóras PAC le do sheoladh ríomhphoist agus pasfhocal Roghnaigh: My Account Chun stádas reatha an iarratais a fheiceáil: Cliceáil ar 'Stádas' Chun cúrsa i d’iarratas nó áit ar ghlac tú léi a chur ar ceal, cliceáil an rogha Cealaigh trasna ó chód an chúrsa.