Message

We are currently updating our website.
You may notice that different areas look and work differently but don't worry.
If you get into any trouble you can always go to the main home page here or email us at pachelp@pac.ie
Thank you, The PAC team.
PAC Online Applications

Treoracha d’Iarratas ar Staidéar Fochéime Ollscoil na hÉireann, Má Nuad

(Moltar do gach iarratasóir na treoracha seo a léamh roimh leanúint ar aghaidh le d’iarratas)

  1. Is ceart duit eolas a chur ar na riachtanais iontrála le haghaidh gach cláir a ndéanann tú iarratas ina leith; check the appropriate Departmental website for details. Is ceart duit, go háirithe, suntas a thabhairt do dháta tosaithe gach cláir agus do na dátaí deireanacha chun iarratais chomhlánaithe a bheith faighte.
  2. Ní mór duit cuntas gníomhach ríomhphoist a bheith agat chun an tsaoráid seo a úsáid. Is ortsa atá an fhreagracht as do chuntas a sheiceáil go tráthrialta agus as a chinntiú go bhfuil sé gníomhach agus ag feidhmiú i gceart. I gcás iarratasóirí a úsáideann seoltaí ríomhphoist ar seoltaí gréasán-phoist iad, is ceart dóibh a thabhairt dá n-aire go bhféadfadh sé tarlú, má tá rogha ardleibhéil i bhfeidhm sa chuntas ríomhphoist i dtaca le scagadh dramhphoist de, go ndéanfar teachtaireachtaí ríomhphoist ón Ionad Iarratas Iarchéime, Gaillimh, agus ón Ollscoil Mhá Nuad, a áireamh mar a bheadh dramhphost ann. Ní mór duit an leibhéal scagtha i dtaca le dramhphost de a laghdú nó seoltaí ríomhphoist an Ionaid Iarratas Iarchéime, Gaillimh (noreply@pac.ie), agus Ollscoil Mhá Nuad a chur isteach sa liosta seoltaí iontaofa ríomhphoist a nglactar teachtaireachtaí uathu.
  3. Déanfar gach teachtaireacht maidir le stádas d’iarratais a chur chugat le ríomhphost. Is ortsa atá an fhreagracht as a chinntiú go seiceálann tú do chuntas ríomhphoist go rialta chun comhfhreagras den sórt sin a fháil.
  4. Ní mór do gach iarrthóir an uimhir PAC (8 digit atá i gceist). Beidh sé seo tugtha le linn na staide deireanaí den mhodh iarratais. Beidh an uimhir seo ag teastáil uait chun dul isteach i do chuntas ar an gcóras PAC, chun seiceáil a dhéanamh ar stádas d’iarratais. Ba chóir d’uimhir PAC ar gach doiciméad bhreise a sheolfaidh tú chuig an Ionad Iarratais Iarchéime.
  5. Non Maynooth University students: Chun d’iarratas a chomhlánú ní mór duit doiciméid tacaíochta i bhfoirm páipéir a chur ar fáil mar fhianaise ar do chuid cáilíochtaí go dtí seo (e.g. Trascríbhinní Torthaí, Inniúlacht Bhéarla), mar aon le haon eolas eile a iarrtar ag deireadh an phróisis iarratais seo. Ní mór cóipeanna de dhoiciméid bhunaidh a bheith deimhnithe mar chóipeanna dílse. Ní féidir doiciméid bhunaidh a sholáthraítear a chur ar ais chugat.
  6. Cuir gach doiciméad chugainn i bhformáid A4 (nó a chomhionann). ní mór doiciméadú a uaslódáil tríd an nasc “My Account” nó é a sheoladh tríd an bpost chuig an Ionad Iarratais Iarchéime, 1 Cearnóg Theach na Cúirte, Gaillimh, Éire. Is ceart go mbeadh an t-eolas seo againn 10 lá oibre tar éis d'iarratas a dhéanamh ar líne agus ní mór é a bheith againn faoin dáta deireanach chun iarratas a dhéanamh ar an gclár a bhfuil iarratas á dhéanamh ina leith. Ní féidir measúnú a dhéanamh ar d’iarratas go dtí go bhfaightear an t-eolas seo agus the application fee is paid.
  7. I gcás doiciméad tacaíochta nó eolais nach féidir leat a chur ar fáil tráth déanta an iarratais (e.g. scrúduithe atá le déanamh fós), may be submitted at a later stage trí uaslódáil tríd an nasc “My Account” nó is féidir é a sheoladh tríd an bpost chuig an Ionad Iarratais Iarchéime (PAC).
  8. Má tá míchumas ort a choisceann ort an t-iarratas ar líne a chomhlánú, cuir an méid sin in iúl don Student Records Office in Ollscoil Mhá Nuad, agus déanfar socrú maidir le hiarratas a dhéanamh i bhformáid inrochtana chomhaontaithe.
  9. Tar éis duit na mionsonraí iarratais a iontráil, beifear ag súil go n-íocfaidh tú táille iarratais neamh-inaisíochta €35. Is féidir an íocaíocht sin a dhéanamh le Cárta Creidmheasa (MasterCard/Visa) nó le Cárta Dochair (Laser). Please note non-Irish visa debit cards are not accepted. Is féidir íocaíocht a dhéanamh le hAistriú Bainc freisin ach tá muirear breise riaracháin €5 ann i leith íocaíochtaí den sórt sin.
  10. Tabhair do d’aire, le do thoil, go bhféadfadh sé tarlú go mbeifear ag súil go bhfaighidh iarratasóirí ó áiteanna lasmuigh den AE víosa staidéir roimh theacht go hÉirinn chun dul i mbun staidéir. Faoi rialacháin reatha maidir le hinimirce atá ar fáil ón Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, ní féidir víosa staidéir i gcás ina bhfuil clár pairtaimseartha á dhéanamh agat. Más iarratasóir tú as áit lasmuigh den AE agus go bhfuil iarratas á dhéanamh agat ar chúrsa pairtaimseartha, is ortsa atá an fhreagracht as a chinneadh an gá do náisiúnaigh do thíre dúchais víosa staidéir a fháil faoi rialacháin na hÉireann.
  11. Caithfidh mic léinn a fhaigheann cúrsa agus a ghlacann leis, éarlais NEAMH-INAISÍOCTHA €200 a íoc, airgead a bhainfear de na táillí arís.
  12. Ní mór Javascript a chumasú chun an fhoirm iarratais a chomhlánú. Cliceáil anseo le do thoil chun féachaint ar na treoracha.
  13. Is ceart do mhic léinn a mbíonn deacrachtaí teicniúla acu le linn iarratas a dhéanamh dul i dteagmháil le PAC.
  14. Moltar do gach iarratasóir Roinn na gCeisteanna a Chuirtear Go Minic a léamh roimh iarratas a dhéanamh.
  15. Moltar go láidir duit an fhoirm iarratais a shábháil go rialta.
  16. Moltar go láidir duit aon ráiteas pearsanta a chruthú i gcomhad téacs le haghaidh do thaifid féin agus iad a chóipeáil isteach san fhoirm iarratais.