Treoracha d’Iarratas ar Staidéar Fochéime DCU
(Moltar do gach iarratasóir na treoracha seo a léamh roimh leanúint ar aghaidh le d’iarratas)
- Is ceart duit eolas a chur ar na riachtanais iontrála le haghaidh gach cláir a ndéanann tú iarratas ina leith; check the appropriate Departmental website for details. Is ceart duit, go háirithe, suntas a thabhairt do dháta tosaithe gach cláir agus do na dátaí deireanacha chun iarratais chomhlánaithe a bheith faighte.
- Ní mór duit cuntas gníomhach ríomhphoist a bheith agat chun an tsaoráid seo a úsáid. Is ortsa atá an fhreagracht as do chuntas a sheiceáil go tráthrialta agus as a chinntiú go bhfuil sé gníomhach agus ag feidhmiú i gceart. I gcás iarratasóirí a úsáideann seoltaí ríomhphoist ar seoltaí gréasán-phoist iad, is ceart dóibh a thabhairt dá n-aire go bhféadfadh sé tarlú, má tá rogha ardleibhéil i bhfeidhm sa chuntas ríomhphoist i dtaca le scagadh dramhphoist de, go ndéanfar teachtaireachtaí ríomhphoist ón PAC Ltd., Gaillimh, agus ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, a áireamh mar a bheadh dramhphost ann. Ní mór duit an leibhéal scagtha i dtaca le dramhphost de a laghdú nó seoltaí ríomhphoist an PAC Ltd., Gaillimh (noreply@pac.ie), agus Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a chur isteach sa liosta seoltaí iontaofa ríomhphoist a nglactar teachtaireachtaí uathu.
- Déanfar gach teachtaireacht maidir le stádas d’iarratais a chur chugat le ríomhphost. Is ortsa atá an fhreagracht as a chinntiú go seiceálann tú do chuntas ríomhphoist go rialta chun comhfhreagras den sórt sin a fháil.
- Ní mór do gach iarrthóir an uimhir PAC (8 digit atá i gceist). Beidh sé seo tugtha le linn na staide deireanaí den mhodh iarratais. Beidh an uimhir seo ag teastáil uait chun dul isteach i do chuntas ar an gcóras PAC, chun seiceáil a dhéanamh ar stádas d’iarratais. Ba chóir d’uimhir PAC ar gach doiciméad bhreise a sheolfaidh tú chuig an PAC Ltd.
- Tar éis duit na mionsonraí iarratais a iontráil, beifear ag súil go n-íocfaidh tú táille iarratais neamh-inaisíochta €35. Is féidir an íocaíocht sin a dhéanamh le Cárta Creidmheasa (MasterCard/Visa) nó le Cárta Dochair (Laser). Please note non-Irish visa debit cards are not accepted. Is féidir íocaíocht a dhéanamh le hAistriú Bainc freisin ach tá muirear breise riaracháin €5 ann i leith íocaíochtaí den sórt sin.
- Tabhair do d’aire, le do thoil, go bhféadfadh sé tarlú go mbeifear ag súil go bhfaighidh iarratasóirí ó áiteanna lasmuigh den AE víosa staidéir roimh theacht go hÉirinn chun dul i mbun staidéir. Faoi rialacháin reatha maidir le hinimirce atá ar fáil ón Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, ní féidir víosa staidéir i gcás ina bhfuil clár pairtaimseartha á dhéanamh agat. Más iarratasóir tú as áit lasmuigh den AE agus go bhfuil iarratas á dhéanamh agat ar chúrsa pairtaimseartha, is ortsa atá an fhreagracht as a chinneadh an gá do náisiúnaigh do thíre dúchais víosa staidéir a fháil faoi rialacháin na hÉireann.
- Caithfidh mic léinn a fhaigheann cúrsa agus a ghlacann leis, éarlais NEAMH-INAISÍOCTHA €500 a íoc, airgead a bhainfear de na táillí arís.
- Ní mór Javascript a chumasú chun an fhoirm iarratais a chomhlánú. Cliceáil anseo le do thoil chun féachaint ar na treoracha.
- Is ceart do mhic léinn a mbíonn deacrachtaí teicniúla acu le linn iarratas a dhéanamh dul i dteagmháil le PAC.
- Moltar do gach iarratasóir Roinn na gCeisteanna a Chuirtear Go Minic a léamh roimh iarratas a dhéanamh.