Seiceáil Gardaí

Déanfar Seiceáil Gardaí ar na mic léinn a bheidh ar chleachtadh teagaisc mar chuid den Máistir Gairmiúil san Oideachas (OÉ) i bhfómhar 2024.

I ndiaidh an 01 Aibreán 2024, má éiríonn leat tairiscint a fháil ar aon chlár Máistir Gairmiúil san Oideachas, cláróidh an tIonad Iarratas Iarchéime gur ghlac tú leis an áit.

Mar sin féin, beidh d’áit ar an gclár faoi réir bheartas na hOllscoile a chomhlíonadh maidir le Seiceáil Gardaí cuirfidh an ollscoil Foirm Seiceáil Gardaí ar fáil duit.

Tabhair faoi deara go n-éilíonn an Chomhairle Mhúinteoireachta chomh maith d'iarratasóirí go ndéanfaí an próiseas Ghrinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána tar éis an ÁDO a bheidh comhlánaithe agat. Níor cheart d'iarratasóirí ÁDO a lorg dá bhrí sin, go ndéanfaí an próiseas grinnfhiosrúcháin tríd an gComhairle Mhúinteoireachta.

Tabharfaidh ionadaí ón gComhairle Mhúinteoireachta cuairt ar choláistí MGO le linn do chlár chun mic léinn a chur ar an eolas maidir le ról na Comhairle. Ag na seisiúin eolais seo, iarrfar ar mhic léinn tús a chur le próiseas seiceála an Gharda Síochána chun múinteoirí a chlárú. Ní mór do mhic léinn freastal ar an seisiún eolais seo agus/nó eolas a chur ar na riachtanais clárúcháin agus seiceála.

Tá sonraí faoi tháillí agus faoi riachtanais chlárúcháin/iontrála etc. ar fáil ó láithreán na hollscoile cuí: