Córas Scórála Pointí Ionad na nIarratas ar an Máistir Gairmiúil san Oideachas (NUI) - 2024 Entry

Is é an bunriachtanas i gcomhair iontrála ná bunchéim incháilithe Leibhéal 8 de chuid Ollscoil Náisiúnta na hÉireann (NUI), nó a hontamhail, faoi mar atá mínithe anseo, ag iarratasóir sula féidir leis iarratas a sheoladh isteach. Maidir leo siúd ar fad nach bhfuil an chéim fós críochnaithe acu agus iad ag comhlánú na foirme iarratais, déanfar iad a mheas de réir na dtorthaí scrúduithe deireadh bliana acadúla is deireanaí atá acu. (Ná seol isteach torthaí ERASMUS). I gcás cúrsaí céime atá á measúnú le ‘Meán Grád-Phointe’ (GPA) is é an GPA is deireanaí atá ag iarratasóir an ceann a úsáidfear.

D’fhéadfadh sé go dtairgfear áiteanna sealadacha dóibh ach an chéim a chríochnú go hiomlán, gan teip a fháil. Déantar iarratasóirí a bhfuil bunchéim incháilithe leibhéal 8 acu nuair a dhéanann siad iarratas a mheas ar a gcuid torthaí céime.

Bronnfar pointí bunaithe

  1. ar fheidhmíocht i mbunchéim incháilithe leibhéal 8 agus
  2. aon cháilíochtaí iomchuí acadúla breise (más ann dóibh).
  3. rtaithí ghairmiúil chuí, más ann

Pointí as taithí ghairmiúil chuí

  • D’fhéadfaí suas le cúig phointe a thabhairt mar aitheantas ar fhostaíocht íoctha lánaimseartha a mheastar a bheith cuí, agus a fhéadfar a dheimhniú. Tabharfar pointe amháin de ghnáth do gach bliain taithí chuí, suas le cúig phointe ar a mhéad
  • D’fhéadfaí suas le dhá phointe bhreise a thabhairt mar aitheantas ar fhostaíocht íoctha pháirtaimseartha a mheastar a bheith cuí, agus a fhéadfar a dheimhniú. Tabharfar pointe amháin de ghnáth do gach bliain taithí chuí, suas le dhá phointe ar a mhéad

Pointí as léirithe acadúla

Tabharfar pointí d’iarratasóir de réir na marcanna céatadánacha a fhaigheann an t-iarratasóir sin sa scrúdú cuí agus a chuireann an Ollscoil/Institiúid ar fhreastail sé/sí uirthi ar fáil, nó tabharfar pointí d’iarratasóirí de réir mar a chinnfidh Ionad na nIarratas ar An tIonad Iarratas Iarchéime (PAC), ar bhonn an eolais atá curtha ar fáil ag an iarratasóir. I gcás gradam seachas gradaim eile de chuid Ollscoil na hÉireann (NUI), déanfar iad a ríomh go coibhéiseach. Forchoimeádann an tIonad Iarratas an ceart chun cibé cinntí, breithiúnais agus ríomhaireachtaí a dhéanamh is cuí leis, de réir an eolais a bheidh ina sheilbh, le linn dó pointí a shannadh do thorthaí acadúla, do cháilíochtaí breise agus do thaithí ghairmiúil.

Taispeánann na táblaí seo a leanas an líon pointí a thabharfar do thorthaí bunchéime/céime, do cháilíochtaí acadúla breise agus do thaithí ghairmiúil.

Tá an córas pointí d'fheidhmíocht acadúil atá leagtha amach thíos ceaptha chun gach bunchéim incháilithe leibhéal 8 a chur san áireamh – lena n-áirítear céimeanna onóracha le dhá ábhar, céimeanna aon ábhair agus céimeanna le hábhar amháin ag leibhéal onóracha agus ábhar amháin ag leibhéal pas. I gcás céimeanna ginearálta incháilithe Leibhéal 8 de chuid Ollscoil na hÉireann (i.e céimeanna pas le trí ábhar) dáilfear pointí ag úsáid an sceidil do pháipéir phas.

Ba cheart go gcabhródh an méid seo a leanas leo siúd a dteastaíonn uathu a gcuid pointí a ríomh

Tabharfar pointí d’iarratasóir de réir na marcanna céatadánacha a fhaigheann an t-iarratasóir sin sa scrúdú cuí agus a chuireann an Ollscoil/Institiúid ar fhreastail sé/sí uirthi ar fáil, nó tabharfar pointí d’iarratasóirí de réir mar a chinnfidh Ionad na nIarratas ar An tIonad Iarratas Iarchéime (PAC), ar bhonn an eolais atá curtha ar fáil ag an iarratasóir.

  • Uaslíon Pointí d’iarrthóirí le bunchéim incháilithe leibhéal 8 a bhfuil dámhachtain onóracha ar fáil di: 51 pointí
  • Uaslíon Pointí d’iarrthóirí le bunchéim incháilithe leibhéal 8 nach bhfuil dámhachtain onóracha ar fáil di: 45 pointí
  • Uasmhéid Pointí d’iarrthóirí le bunchéim incháilithe leibhéal 8 le dhá ábhar, a bhfuil onóracha ar fáil d’ábhar amháin inti ach gan a bheith ar fáil don ábhar eile: 48 pointí

Pointí do thorthaí bunchéime/céime

CÉADATÁN MARC RAONRAON GPARAON QCAPOINTÍ PME PAC
ÍochtarUachtarIochtarUachtarÍochtarUachtarCéimeanna NACH féidir Onóracha a bhaint amach iontuCéimeanna ar féidir Onóracha a bhaint amach iontu
78.00100.004.184.303.884.005145
76.0077.994.064.173.763.875044
74.0075.993.944.053.643.754943
72.0073.993.823.933.523.634842
70.0071.993.703.813.403.514741
68.0069.993.583.693.323.394640
66.0067.993.463.573.243.314539
64.0065.993.343.453.163.234438
62.0063.993.223.333.083.154337
60.0061.993.103.213.003.074236
58.0059.992.983.092.922.994135
56.0057.992.862.972.842.914034
54.0055.992.742.852.762.833933
52.0053.992.622.732.682.753832
50.0051.992.502.612.602.673731
48.0049.992.382.492.482.593630
46.0047.992.262.372.362.473529
44.0045.992.142.252.242.353428
42.0043.992.022.132.122.233327
40.0041.991.902.012.002.113226

Ríomhaireachtaí Samplacha bunaithe ar an tábla pointí thuas

  1. Fuair Mac Léinn A 63% in ábhar X agus 52% in abhar Y. Bhí an dá ábhar i gcéim incháilithe leibhéal 8 a bhfuil dámhachtain onóracha ar fáil di. Is é atá i marc céatadánach foriomlán Mhac Léinn A ná (63 + 52) ? 2 = 57.50% agus tá sé sin comhionann le 40 phointe.
  2. Fuair Mac Léinn B 63% in ábhar X agus 52% in abhar Y. Bhí an dá ábhar i gcéim incháilithe leibhéal 8 NACH bhfuil dámhachtain onóracha ar fáil di. Is é atá i marc céatadánach foriomlán Mhac Léinn B ná (63 + 52) ? 2 = 57.50% agus tá sé sin comhionann le 34 bpointe.
  3. Tá céim incháilithe leibhéal 8 le dhá ábhar déanta ag mac Léinn C, a bhfuil onóracha ar fáil d'ábhar amháin 'T' inti agus nach raibh onóracha ar fáil don ábhar eile di, ábhar ‘U’. Fuair Mac Léinn C 58% san ábhar onórach ‘T’, agus 54% san ábhar pas ‘U’.
    Chun líon na bpointí a ríomh do mhac Léinn C, déantar na pointí a théann leis an 58% d’ábhar ‘T’ agus na pointí a théann leis an pointí d’ábhar U a chur le chéile agus ansin roinntear an figiúir ar a dó leis an méan a ríomh i bhfoirm pointí (i.e. 58% Onóracha = 41 pointe; 54% Pas = 33 pointe; 41 pointe + 33 pointe = 74 pointe ÷ 2 = 37 pointe san iomlán).

  4. Nóta:
    • (a) NÍ bhaineann an sampla seo leis an gCéim Onóracha Aonair Leibhéal 8 ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh (1989 – 1999).
    • (b) Sna cásanna sin ina gcuirtear eolas ar fáil maidir le hainmniúchán onóracha/pas ag Leibhéal modúlach, déanfar scóir meánphointí ualaithe a ríomh.
  5. Tá clár do chéim onóracha leibhéal 8 déanta ag mac Léinn D ina raibh líon áirithe modúl/cúrsaí. Is é atá i marc céatadánach foriomlán mhac Léinn D ná 64.32%, atá comhionann le 44 phointe.
  6. Tá clár do chéim pas leibhéal 8 déanta ag mac Léinn E ina bhfuil líon áirithe modúl/cúrsaí. Is é atá i marc céatadánach foriomlán mhac Léinn E ná 64.32%, atá comhionann le 38 bpointe.

Pointí do Cháilíochtaí Breise Iarchéime

CáilíochtaíPointí
PhD.10
Céim Mháistreachta6
Dioplóma Iarchéime/Ard-Dioplóma3
Ard-Teastas1

Pointí do Cháilíochtaí Breise Iomchuí

CáilíochtaíPointí
An Dara Bunchéim4
Dioplóma – ar a laghad bliain amháin go lánaimseartha nó dhá bhliain go páirtaimseartha.2
Teastas – ar a laghad bliain amháin go lánaimseartha nó dhá bhliain go páirtaimseartha.1

Ní thabharfar pointí d’aon cháilíocht a fhaigheann iarratasóir mar chuid d’Ard-Cháilíocht and level 7 as part of a level 8 award e.g. Dioplóma Náisiúnta mar chuid de Chúrsa Céime.

Ní mór go mbeadh gach cáilíocht a chuirtear isteach le measúnú a dhéanamh uirthi bronnta roimh 01 Nollaig 2023.

Pointí as Taithí Ghairmiúil chuí

D’fhéadfadh taithí ghairmiúil a bheith ag iarratasóirí ar an PME a bhaineann lena n-ábhair teagaisc, nó taithí ghairmiúil ag obair le daoine óga. Mar aitheantas ar luach na taithí seo, d’fhéadfaí pointí breise a thabhairt.Ach chun a chinntiú gur féidir iad a dheimhniú, ní thabharfar pointí ach ar fhostaíocht íoctha a d’fhéadfaí a dheimhniú trí cháipéisíocht chuí.Chun pointí breise a éileamh, ní mór duit litir a fháil ó d’fhostóir ag léiriú dátaí tosaithe agus críochnaithe, tuarastal agus cur síos ar an ról agus ba chóir duit a bheith in ann cuntais chánach a sholáthar chun tacú leis seo más gá.

Ní thabharfar pointí ach as taithí ghairmiúil a mheasfar a bheith cuí. Is iad na dá chineál taithí a mheastar a bheith cuí (i) obair ghairmiúil (ag leibhéal céime go hiondúil) a bhaineann leis an ábhar teagaisc, agus (ii) taithí ar obair le daoine óga i ról a bhaineann le teagasc. I ngach cás, caithfidh an taithí maireachtáil tréimhse áirithe agus a bheith ag leibhéal sách ard le go mbronnfaí pointí breise uirthi.

Bronntar pointí in dhá chatagóir:

  • Taithí ghairmiúil íoctha lánaimseartha. Más taithí chuí atá ann, tugtar pointe amháin as gach bliain fostaíochta, suas le cúig phointe ar a mhéad.
  • Taithí ghairmiúil íoctha pháirtaimseartha. Más taithí chuí atá ann, tugtar pointe amháin as gach bliain fostaíochta, suas le dhá phointe ar a mhéad.
Féadfaidh mic léinn pointí a éileamh as ceachtar catagóir nó as an dá chatagóir, agus féadfaidh siad suas le seacht bpointe san iomlán a fháil ar a mhéad.

Tabhair faoi deara:

  1. Ní thabharfar pointí má bhíonn an t-eolas a chuirtear ar fail doiléir nó neamhiomlán.
  2. Is iad foireann PME PAC, thar ceann na n-ollscoileanna, a bhronnfaidh pointí as taithí ghairmiúil.
  3. Ní thabharfar pointí as teagasc i scoil dara leibhéal fad a bhí an duine neamhcháilithe.

Samplaí de thaithí ghairmiúil chuí

 Inghlactha chun críche pointí de ghnáthNíl inghlactha
In oideachasTeagasc lánaimseartha i scoil i dtír eile.
Ag obair go lánaimseartha mar chúntóir riachtanais speisialta.
Ag obair mar chúntóir ranga lánaimseartha.
Teagasc lánaimseartha ag an tríú leibhéal nó coláiste breisoideachais.
Teagasc lánaimseartha i scoil (roinnt bheag cásanna i scoileanna CGO).
Ag obair i ról neamhtheagmhála i scoil, cosúil le cúramóir scoile
Ag obair le daoine ógaFostaíocht lánaimseartha mar chóitseálaí spóirt.
Fostaíocht lánaimseartha mar eagraí óige.
Fostaíocht lánaimseartha mar oibrí sóisialta.
Fostaíocht lánaimseartha i naíonra/suíomh cúraim do ghasúir
Ag obair mar thraenálaí pearsanta
Bainteach leis an ábhar teagaisc
Obair ghairmiúil a bhaineann leis an ábhar céime, ag leibhéal céime
Fostaíocht mar Chuntasóir (do mhúinteoirí Staidéar Gnó)
Fostaíocht mar aistritheoir (do mhúinteoirí teanga)
Fostaíocht mar eolaí saotharlainne (do mhúinteoirí eolaíochta)
I bhfostaíocht nach bhfuil scileanna gairmiúla riachtanach ina leith (e.g beár nó bialann).
Ag obair i réimse nach bhfuil gaolmhar leis an ábhar teagaisc (e.g céimí staire ag obair i bpost riaracháin agus ag iarraidh stair a mhúineadh).

Nóta: Meastar go gciallaíonn fostaíocht lánaimseartha uaireanta lánaimseartha. Tá fostaíocht leanúnach ar feadh tréimhse 9 mí ar a laghad de dhíth chun pointí do bhliain amháin a éileamh.

Is féidir fostaíocht pháirtaimseartha a mheas (i) mar fhostaíocht pháirtaimseartha ar feadh na bliana, nó (ii) fostaíocht lánaimseartha ar feadh trí mhí (m.sh. fostaíocht samhraidh).

Fíorú ag teastáil

  • Litir ón bhfostóir ag deimhniú na ndátaí, an cineál fostaíochta agus an tuarastal. nó
  • Foirm theistiméireachta chomhlánaithe ó fhostóir (íoslódáil anseo).
  • Nóta: D’fhéadfadh PAC tuairiscí cánach a iarraidh mar fhíorú breise ar fhostaíocht.