Is ar an iarratasóir atá an fhreagracht a chinntiú go bhfuil an chéim leibhéal 8 atá aige nó aici incháilithe i gcomhair cláraithe chun múineadh ag leibhéal na hIar-bhunscoile agus NÍ BHEIDH PAC freagrach sa chás go ndiúltaítear céimí den Mháistir Gairmiúil san Oideachas a chur ar Chlár na Múinteoirí de bharr dearbhúchán earráideach.
Ní thugann an Chomhairle Mhúinteoireachta comhairle d’iarratasóirí faoi cheisteanna a bhaineann le leithdháileadh áiteanna don Mháistir Gairmiúil san Oideachas ná le nósanna imeachta oibríochta an Ionaid Iarratas Iarchéime.
NB: Ba chóir d’iarratasóirí a chinntiú go gcomhlánaíonn siad an fhoirm don Mháistir Gairmiúil san Oideachas (Ollscoil na hÉireann) i gceart. Chomh maith leis sin, ba chóir d’iarratasóirí a chinntiú go bhfuil a gclár céime aitheanta leibhéal 8 liostaithe go cruinn ar an bhFoirm Iarratais. Ní féidir le PAC aon fhreagracht a ghlacadh i leith botún a dhéanann iarratasóirí agus an Fhoirm Iarratais á comhlánú acu.
MIC LÉINN IDIRNÁISIÚNTA
Ní gá go gcinnteodh iontráil chuig an Máistir Gairmiúil san Oideachas [PME] agus/nó an clár sin a bheith críochnaithe clárú mar mhúinteoir in Éirinn, ná in aon tír eile. Mar sin, níl aon fhreagracht ar údaráis Ollscoil na hÉireann a chinntiú go sásaíonn céimithe PME na riachtanais a bhaineann le clárú mar mhúinteoir. Is ar an iarratasóir idirnáisiúnta atá an fhreagracht a chinntiú go dtugann an tír ina bhfuil sé ar intinn aige nó aici múineadh inti, aitheantas don PME mar cháilíocht oiliúna do mhúinteoirí.