An Chomhairle Mhúinteoireachta – Cáilitheacht Céime

  1. Ní thairgfear áiteanna ar chláir Ollscoil na hÉireann don Mháistir Gairmiúil san Oideachas a thosóidh i mí Mheán Fómhair 2024 ach amháin dóibh siúd a bhfuil céim leibhéal 8 (nó a comhionann) acu ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí (NFQ) agus a shásaíonn riachtanais chláraithe na Comhairle Múinteoireachta d'ábhar amháin ar a laghad ar an gcuraclam iar-bhunscoile. Is féidir riachtanais chláraithe na Comhairle Múinteoireachta do gach ábhar ar churaclam na hiar-bhunscoile a fháil anseo.
  2. Is ar na hiarratasóirí atá an fhreagracht a chinntiú go bhfuil an chéim leibhéal 8 atá acu incháilithe i gcomhair cláraithe mar mhúinteoir iar-bhunscoile agus ní mór duit é sin a dhearbhú ar an bhfoirm dhearbhúcháin ábhair.

    Chun a dheimhniú go bhfuil do chéim incháilithe ba chóir duit:
  3. Is ar an iarratasóir atá an fhreagracht a chinntiú go bhfuil an chéim leibhéal 8 atá aige nó aici incháilithe i gcomhair cláraithe chun múineadh ag leibhéal na hIar-bhunscoile agus NÍ BHEIDH PAC freagrach sa chás go ndiúltaítear céimí den Mháistir Gairmiúil san Oideachas a chur ar Chlár na Múinteoirí de bharr dearbhúchán earráideach.

  4. Nuair a bhíonn scrúdú á dhéanamh agat ar do chlár céime, tá sé thar a bheith tábhachtach
  5. Tar éis duit breathnú ar riachtanais ábhair churaclaim na Comhairle, má tá tú neamhchinnte fós an bhfuil do chéim oiriúnach ó thaobh na Comhairle Múinteoireachta de, ba chóir duit dul i dteagmháil go díreach leis an gComhairle Mhúinteoireachta. Is féidir dul i dteagmháil léi ag an seoladh seo a leanas:
      An Chomhairle Mhúinteoireachta
      Bloc A
      Campas Gnó Mhaigh Nuad
      Maigh Nuad
      Co. Chill Dara
      Guthán: (01) 651 7900
      Íosghlao: 1890 224 224
      Facs: (01) 651 7901
      Ríomhphost: info@teachingcouncil.ie
      Láithreán Gréasáin: www.teachingcouncil.ie
  6. Ní thugann an Chomhairle Mhúinteoireachta comhairle d’iarratasóirí faoi cheisteanna a bhaineann le leithdháileadh áiteanna don Mháistir Gairmiúil san Oideachas ná le nósanna imeachta oibríochta an Ionaid Iarratas Iarchéime.

    NB: Ba chóir d’iarratasóirí a chinntiú go gcomhlánaíonn siad an fhoirm don Mháistir Gairmiúil san Oideachas (Ollscoil na hÉireann) i gceart. Chomh maith leis sin, ba chóir d’iarratasóirí a chinntiú go bhfuil a gclár céime aitheanta leibhéal 8 liostaithe go cruinn ar an bhFoirm Iarratais. Ní féidir le PAC aon fhreagracht a ghlacadh i leith botún a dhéanann iarratasóirí agus an Fhoirm Iarratais á comhlánú acu.

    MIC LÉINN IDIRNÁISIÚNTA
    Ní gá go gcinnteodh iontráil chuig an Máistir Gairmiúil san Oideachas [PME] agus/nó an clár sin a bheith críochnaithe clárú mar mhúinteoir in Éirinn, ná in aon tír eile. Mar sin, níl aon fhreagracht ar údaráis Ollscoil na hÉireann a chinntiú go sásaíonn céimithe PME na riachtanais a bhaineann le clárú mar mhúinteoir. Is ar an iarratasóir idirnáisiúnta atá an fhreagracht a chinntiú go dtugann an tír ina bhfuil sé ar intinn aige nó aici múineadh inti, aitheantas don PME mar cháilíocht oiliúna do mhúinteoirí.