Staidéir Ghnó agus Céimeanna a bhaineann le Gnó agus Cuóta i gcomhair iontráil na bliana 2013
Is mian le hIonad Iarratais an Dioplóma Gairmiúil san Oideachas (NUI) (PDEAC) aird iarratasóirí a tharraingt ar cuóta ábhair i gcomhair iontráil na bliana 2013. Is gá sin mar gheall ar líon rómhór iarratas ar na céimeanna sin i gcás na gclár éagsúil Dioplóma Gairmiúil san Oideachas (NUI) atá ar fáil sna ceithre Ollscoil de chuid Ollscoil na hÉireann (UCC, UCD, NUI, G & NUI, M).
Beidh feidhm ag an gcuóta ábhair maidir le gach iarratasóir ag a bhfuil aon chéim i Staidéir Ghnó nó in ábhar a bhaineann le Gnó ar céimeanna iad a measann an Chomhairle Mhinteoireachta (féach anseo) ina leith gur céimeanna cáilithe iad.
Tá na Cóid Cháiliúcháin shonracha a bhaineann leis an gcuóta ábhair seo liostaithe lastall. Féach anseo ar an liosta iomlán de na Céimeanna Intofa chun clárú mar mhúinteoir iarbhunoideachais. Féach anseo freisin.
Is ceart a thuiscint go ndéanfaidh na ceithre Ollscoil de chuid Ollscoil na hÉireann uasmhéid 10% de na háiteanna atá ar fáil a cheadú i gcomhair iarratasóirí den sórt sin.
I gcás níos mó iarratasóirí ná áiteanna a bheith ann, tabharfaidh PDEAC an lion teoranta áiteanna dóibh sin ag a bhfuil an líon pointí is airde, agus an líon sin bunaithe ar chritéir mheasúnachta PDEAC.
Maidir leis an gcóras a úsáidtear chun lion pointí iarratasóra a chinneadh, tá sé le fáil anseo.
Is iad seo a leanas na Cóid Cháiliúcháin le haghaidh na gCúrsaí Céime atá le fáil i Liosta A agus a bheas san áireamh anois i gcóras cuóta i gcomhair iontráil na bliana 2013. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil maidir leis na cóid cháiliúcháin ar leithligh Cóid Cháiliúcháin.
Is mar a leanas na cóid:
| Cóid Cháiliúcháin | Institiúidí |
|---|---|
| AL01P, AL02P, AL03P, AL08P, AL09P | ATHLONE INSTITUTE OF TECHNOLOGY (HETAC AWARD) |
| BT01P, BT02P | BLANCHARDSTOWN INSTITUTE OF TECHNOLOGY |
| CW02P, CW03P, CW04P, CW05P, CW07P, CW10P | CARLOW INSTITUTE OF TECHNOLOGY (HETAC AWARD) |
| CR02P | CORK INSTITUTE OF TECHNOLOGY (HETAC AWARD) |
| AB01P, AB02P, AB03P, AB05P, AB06P, AB07P | DUBLIN BUSINESS SCHOOL (FORMERLY KNOWN AS THE ACCOUNTANCY & BUSINESS COLLEGE LIVERPOOL, JOHN MOORES UNIVERSITY AWARD) |
| DC07P, DC08P, DC10P | DUBLIN CITY UNIVERSITY |
| DT03P, DT04P, DT05P, DT06P, DT07P, DT08P, DT09P, DT10P, DT16P, DT18P, DT19P, DT29P | DUBLIN INSTITUTE OF TECHNOLOGY (FORMERLY UNIVERSITY OF DUBLIN AWARD) |
| DL01P | DÙN LAOGHAIRE INSTITUTE OF ART, DESIGN AND TECHNOLOGY (HETAC AWARD) |
| DK01P, DK03P | DUNDALK INSTITUTE OF TECHNOLOGY (HETAC AWARD) |
| GA01P, GA02P, GA07P, GA10P, GA12P | GALWAY-MAYO INSTITUTE OF TECHNOLOGY (HETAC AWARD) |
| GC01P, GC03P, GC04P | GRIFFITH COLLEGE DUBLIN (HETAC AWARD) |
| IP01P, IP02P, IP03P | INSTITUTE OF PUBLIC ADMINISTRATION (HETAC AWARD) |
| LY01P | INSTITUTE OF TECHNOLOGY, LETTERKENNY (HETAC AWARD) |
| SG02P, SG03P, SG04P | INSTITUTE OF TECHNOLOGY, SLIGO (HETAC AWARD) |
| TA01P, TA02P, TA03P | INSTITUTE OF TECHNOLOGY, TALLAGHT (HETAC AWARD) |
| TL01P, TL02P, TL04P, TL07P | INSTITUTE OF TECHNOLOGY, TRALEE (HETAC AWARD) |
| LS01P, LS02P, LS03P | L.S.B. COLLEGE (HETAC AWARD) |
| LC01P, LC02P, LC03P, LC05P, LC11P, LC12P | LIMERICK INSTITUTE OF TECHNOLOGY (HETAC AWARD) FORMERLY LIMERICK COLLEGE OF ART, COMMERCE AND TECHNOLOGY AND LIMERICK RTC |
| NC01P, NC02P, NC03P, NC04P, NC05P, NC08P | NATIONAL COLLEGE OF IRELAND (FORMERLY NATIONAL COLLEGE OF INDUSTRIAL RELATIONS). (HETAC AWARD) |
| CK07P, CK08P, CK09P, CK32P, CK33P, CK36P | NATIONAL UNIVERSITY OF IRELAND, CORK |
| DN09P, DN10P, DN12P | NATIONAL UNIVERSITY OF IRELAND, DUBLIN |
| GY14P, GY31P, GY32P | NATIONAL UNIVERSITY OF IRELAND, GALWAY |
| MH12P, MH13P | NATIONAL UNIVERSITY OF IRELAND, MAYNOOTH |
| PB01P, PB02P, PB03P, PB04P, PB05P, PB06P, PB07P, PB08P | PORTOBELLO COLLEGE DUBLIN |
| PB09P, PB10P, PB11P, PB12P, PB13P, PB14P, PB15P | PORTOBELLO COLLEGE DUBLIN (HETAC AWARD) |
| CC01P | THE CHARTERED ASSOCIATION OF CERTIFIED ACCOUNTANTS |
| CI01P | THE CHARTERED INSTITUTE OF MANAGEMENT ACCOUNTANTS |
| IC01P | THE INSTITUTE OF CERTIFIED PUBLIC ACCOUNTANTS IN IRELAND |
| IC02P | THE INSTITUTE OF CHARTERED ACCOUNTANTS IN IRELAND |
| MK01P | THE MARKETING INSTITUTE |
| TP01P, TP03P | TIPPERARY INSTITUTE (HETAC AWARD) |
| TR03P | UNIVERSITY OF DUBLIN - TRINITY COLLEGE |
| LM02P, LM03P, LM14P, LM15P, LM23P, LM24P, LM26P, LM27P, LM28P, LM34P | UNIVERSITY OF LIMERICK |
| WD01P, WD03P, WD04P, WD06P, WD10P, WD11P, WD12P, WD13P, WD17P, WD18P | WATERFORD INSTITUTE OF TECHNOLOGY (HETAC AWARD) |
Tá sé de chead ag PDEAC cóid na gcáilíochtaí a athrú (más gá) sa chás go meastar go mbaineann an cháilíocht le Staidéir Ghnó agus Céimeanna a bhaineann le Gnó.