Córas Scórála Pointí Ionad na nIarratas ar an Dioplóma Gairmiúil san Oideachas (NUI) – 2013

Is bun-riachtanas é go mbeadh bunchéim cháilithe de chuid Ollscoil na hÉireann (NUI), nó a hontamhail, faoi mar atá mínithe anseo, ag iarratasóir sula féidir leis iarratas a sheoladh isteach. Maidir leo siúd ar fad nach bhfuil an chéim fós críochnaithe acu agus iad ag comhlánú na foirme iarratais, déanfar iad a mheas de réir na dtorthaí scrúduithe deireadh bliana acadúla is deireanaí atá acu.(Ná seol isteach torthaí ERASMUS). I gcás cúrsaí céime atá á measúnú le ‘Meán Grád-Phointe’ (GPA) is é an GPA is deireanaí atá ag iarratasóir an ceann a úsáidfear.

D’fhéadfadh sé go dtairgfear áiteanna sealadacha dóibh ach an chéim a chríochnú go hiomlán, gan teip a fháil. Má tá bunchéim cháilithe agat agus tú ag déanamh iarratais, ansin déanfar tú a mheas de réir thorthaí na céime sin.

Tabharfar pointí de réir

  1. torthaí na bunchéime agus
  2. aon cháilíochtaí iomchuí acadúla breise (más ann dóibh).
  3. rtaithí ghairmiúil chuí, más ann


Pointí as taithí ghairmiúil chuí:

  • D’fhéadfaí suas le cúig phointe a thabhairt mar aitheantas ar fhostaíocht íoctha lánaimseartha a mheastar a bheith cuí, agus a fhéadfar a dheimhniú. Tabharfar pointe amháin de ghnáth do gach bliain taithí chuí, suas le cúig phointe ar a mhéad
  • D’fhéadfaí suas le dhá phointe bhreise a thabhairt mar aitheantas ar fhostaíocht íoctha pháirtaimseartha a mheastar a bheith cuí, agus a fhéadfar a dheimhniú. Tabharfar pointe amháin de ghnáth do gach bliain taithí chuí, suas le dhá phointe ar a mhéad

Tabharfar pointí d’iarratasóir de réir na marcanna céatadánacha a fhaigheann an t-iarratasóir sin sa scrúdú cuí agus a chuireann an Ollscoil/Institiúid ar fhreastail sé/sí uirthi ar fáil, nó tabharfar pointí d’iarratasóirí de réir mar a chinnfidh Ionad na nIarratas ar an Dioplóma Gairmiúil san Oideachas (NUI), ar bhonn an eolais atá curtha ar fáil ag an iarratasóir. I gcás gradam seachas gradaim eile de chuid Ollscoil na hÉireann (NUI), déanfar iad a ríomh go coibhéiseach. Forchoimeádann an tIonad Iarratas an ceart chun cibé cinntí, breithiúnais agus ríomhaireachtaí a dhéanamh is cuí leis, de réir an eolais a bheidh ina sheilbh, le linn dó pointí a shannadh do thorthaí acadúla, do cháilíochtaí breise agus do thaithí ghairmiúil.

Taispeánann na táblaí seo a leanas an líon pointí a thabharfar do thorthaí bunchéime/céime, do cháilíochtaí acadúla breise agus do thaithí ghairmiúil.

Tá an córas pointí do thorthaí acadúla atá leagtha amach Thios ceaptha go príomha chun bunchéimeanna de chuid Ollscoil na hÉireann a chur san áireamh - lena n-áirítear céimeanna onóracha dhá ábhar, céimeanna onóracha aon ábhar amháin agus céimeanna ina bhfuil ábhar amháin ag leibhéal onórach agus ábhar eile ag leibhéal pas - mar gurb iad sin na céimeanna a thíolacann tromlach na n-iarrthóirí.

Ba cheart go gcabhródh an méid seo a leanas leo siúd a dteastaíonn uathu a gcuid pointí a ríomh

Tabharfar pointí d’iarratasóir de réir na marcanna céatadánacha a fhaigheann an t-iarratasóir sin sa scrúdú cuí agus a chuireann an Ollscoil/Institiúid ar fhreastail sé/sí uirthi ar fáil, nó tabharfar pointí d’iarratasóirí de réir mar a chinnfidh Ionad na nIarratas ar an Dioplóma Gairmiúil san Oideachas (NUI), ar bhonn an eolais atá curtha ar fáil ag an iarratasóir.

  • An líon uasta pointí d’iarrthóirí a bhfuil bunchéim acu a bhfuil cáilíocht onórach ar fáil ina leith: 51 pointí
  • An líon uasta pointí d’iarrthóirí a bhfuil bunchéim acu nach bhfuil cáilíocht onórach ar fáil ina leith: 45 pointí
  • An líon uasta pointí d’iarrthóirí a bhfuil céim dhá ábhar acu i gcás ina bhfuil cáilíocht onórach ar fáil i leith ábhar amháin ach gan cáilíocht onórach a bheith ar fáil i leith an ábhair eile: 48 pointí
  • Pointí do thorthaí bunchéime/céime
    CÉADATÁN MARC RAONRAON GPARAON QCAPOINTÍ PDE PAC
    ÍochtarUachtarIochtarUachtarÍochtarUachtarCéimeanna NACH féidir Onóracha a bhaint amach iontuCéimeanna ar féidir Onóracha a bhaint amach iontu
    78.00100.004.184.303.884.005145
    76.0077.994.064.173.763.875044
    74.0075.993.944.053.643.754943
    72.0073.993.823.933.523.634842
    70.0071.993.703.813.403.514741
    68.0069.993.583.693.323.394640
    66.0067.993.463.573.243.314539
    64.0065.993.343.453.163.234438
    62.0063.993.223.333.083.154337
    60.0061.993.103.213.003.074236
    58.0059.992.983.092.922.994135
    56.0057.992.862.972.842.914034
    54.0055.992.742.852.762.833933
    52.0053.992.622.732.682.753832
    50.0051.992.502.612.602.673731
    48.0049.992.382.492.482.593630
    46.0047.992.262.372.362.473529
    44.0045.992.142.252.242.353428
    42.0043.992.022.132.122.233327
    40.0041.991.902.012.002.113226

    Ríomhaireachtaí Samplacha bunaithe ar an tábla pointí thuas

    1. Fuair Mac Léinn A 63% in ábhar X agus 52% in abhar Y. Bhain an dá ábhar le céim a bhfuil onóracha ar fáil ina leith. Is é atá i marc céatadánach foriomlán Mhac Léinn A ná (63 + 52) ? 2 = 57.50% agus tá sé sin comhionann le 40 phointe.
    2. Fuair Mac Léinn B 63% in ábhar X agus 52% in abhar Y. Bhain an dá ábhar le céim nach bhfuil onóracha ar fáil ina leith. Is é atá i marc céatadánach foriomlán Mhac Léinn B ná (63 + 52) ? 2 = 57.50% agus tá sé sin comhionann le 34 bpointe.
    3. Rinne Mac Léinn C céim dhá ábhar ina raibh onóracha ar fáil d’ábhar amháin ‘T’ agus nach raibh onóracha ar fáil don ábhar eile di, ábhar ‘U’. Fuair Mac Léinn C 58% san ábhar onórach ‘T’, agus 54% san ábhar pas ‘U’.
      Chun líon na bpointí a ríomh do mhac léinn C, déantar na pointí a théann leis an 58% d’ábhar ‘T’ agus na pointí a théann leis an pointí d’ábhar U a chur le chéile agus ansin roinntear an figiúir ar a dó leis an méan a ríomh i bhfoirm pointí (i.e. 58% Onóracha = 41 pointe; 54% Pas = 33 pointe; 41 pointe + 33 pointe = 74 pointe ÷ 2 = 37 pointe san iomlán).

    4. Nóta:
      • (a) Ní bhaineann an sampla seo leis an gCúrsa Onóracha Singil ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh (1989 – 1999).
      • (b) Sna cásanna sin ina gcuirtear eolas ar fáil maidir le hainmniúchán onóracha/pas ag Leibhéal modúlach, déanfar scóir meánphointí ualaithe a ríomh.
    5. Tá céim onórach déanta ag mac léinn D ina raibh roinnt modúl/cúrsaí éagsúla. Is é atá i marc céatadánach foriomlán mhac léinn D ná 64.32%, atá comhionann le 44 phointe.
    6. Tá céim phas déanta ag mac léinn E ina raibh roinnt modúl/cúrsaí éagsúla. Is é atá i marc céatadánach foriomlán mhac léinn E ná 64.32%, atá comhionann le 38 bpointe.

    Pointí do Cháilíochtaí Breise Iarchéime
    CáilíochtaíPointí
    PhD.10
    Céim Mháistreachta6
    Dioplóma Iarchéime/Ard-Dioplóma3
    Ard-Teastas1

    Pointí do Cháilíochtaí Breise Iomchuí
    CáilíochtaíPointí
    An Dara Bunchéim4
    Dioplóma – ar a laghad bliain amháin go lánaimseartha nó dhá bhliain go páirtaimseartha.2
    Teastas – ar a laghad bliain amháin go lánaimseartha nó dhá bhliain go páirtaimseartha.1

    Ní thabharfar pointí d’aon cháilíocht a fhaigheann iarratasóir mar chuid d’Ard-Cháilíocht e.g. Dioplóma Náisiúnta mar chuid de Chúrsa Céime.

    Pointí as Taithí Ghairmiúil chuí

    D’fhéadfadh taithí ghairmiúil a bheith ag iarratasóirí ar an PDE a bhaineann lena n-ábhair teagaisc, nó taithí ghairmiúil ag obair le daoine óga. Mar aitheantas ar luach na taithí seo, d’fhéadfaí pointí breise a thabhairt. Ach chun a chinntiú gur féidir iad a dheimhniú, ní thabharfar pointí ach ar fhostaíocht íoctha a d’fhéadfaí a dheimhniú trí cháipéisíocht chuí. Chun pointí breise a éileamh, ní mór duit litir a fháil ó d’fhostóir ag léiriú dátaí tosaithe agus críochnaithe, tuarastal agus cur síos ar an ról agus ba chóir duit a bheith in ann cuntais chánach a sholáthar chun tacú leis seo más gá.

    Ní thabharfar pointí ach as taithí ghairmiúil a mheasfar a bheith cuí. Is iad na dá chineál taithí a mheastar a bheith cuí (i) obair ghairmiúil (ag leibhéal céime go hiondúil) a bhaineann leis an ábhar teagaisc, agus (ii) taithí ar obair le daoine óga i ról a bhaineann le teagasc. I ngach cás, caithfidh an taithí maireachtáil tréimhse áirithe agus a bheith ag leibhéal sách ard le go mbronnfaí pointí breise uirthi.

    Bronntar pointí in dhá chatagóir:

    • Taithí ghairmiúil íoctha lánaimseartha. Más taithí chuí atá ann, tugtar pointe amháin as gach bliain fostaíochta, suas le cúig phointe ar a mhéad.
    • Taithí ghairmiúil íoctha pháirtaimseartha. Más taithí chuí atá ann, tugtar pointe amháin as gach bliain fostaíochta, suas le dhá phointe ar a mhéad.
    Féadfaidh mic léinn pointí a éileamh as ceachtar catagóir nó as an dá chatagóir, agus féadfaidh siad suas le seacht bpointe san iomlán a fháil ar a mhéad.

    Tabhair faoi deara:

    1. Ní thabharfar pointí má bhíonn an t-eolas a chuirtear ar fail doiléir nó neamhiomlán.
    2. Is iad foireann PDE PAC, thar ceann na n-ollscoileanna, a bhronnfaidh pointí as taithí ghairmiúil.
    3. Ní thabharfar pointí as teagasc i scoil dara leibhéal fad a bhí an duine neamhcháilithe.

    Samplaí de thaithí ghairmiúil chuí
     Inghlactha chun críche pointí de ghnáthNíl inghlactha
    In oideachasTeagasc lánaimseartha i scoil i dtír eile.
    Ag obair go lánaimseartha mar chúntóir riachtanais speisialta.
    Ag obair mar chúntóir ranga lánaimseartha.
    Teagasc lánaimseartha ag an tríú leibhéal nó coláiste breisoideachais.
    Teagasc lánaimseartha i scoil (roinnt bheag cásanna i scoileanna CGO).
    Ag obair i ról neamhtheagmhála i scoil, cosúil le cúramóir scoile
    Ag obair le daoine ógaFostaíocht lánaimseartha mar chóitseálaí spóirt.
    Fostaíocht lánaimseartha mar eagraí óige.
    Fostaíocht lánaimseartha mar oibrí sóisialta.
    Fostaíocht lánaimseartha i naíonra/suíomh cúraim do ghasúir
    Ag obair mar thraenálaí pearsanta
    Bainteach leis an ábhar teagaisc
    Obair ghairmiúil a bhaineann leis an ábhar céime, ag leibhéal céime
    Fostaíocht mar Chuntasóir (do mhúinteoirí Staidéar Gnó)
    Fostaíocht mar aistritheoir (do mhúinteoirí teanga)
    Fostaíocht mar eolaí saotharlainne (do mhúinteoirí eolaíochta)
    I bhfostaíocht nach bhfuil scileanna gairmiúla riachtanach ina leith (e.g beár nó bialann).
    Ag obair i réimse nach bhfuil gaolmhar leis an ábhar teagaisc (e.g céimí staire ag obair i bpost riaracháin agus ag iarraidh stair a mhúineadh).

    Nóta:

    Meastar go gciallaíonn fostaíocht lánaimseartha uaireanta lánaimseartha. Tá fostaíocht leanúnach ar feadh tréimhse 9 mí ar a laghad de dhíth chun pointí do bhliain amháin a éileamh.

    Is féidir fostaíocht pháirtaimseartha a mheas (i) mar fhostaíocht pháirtaimseartha ar feadh na bliana, nó (ii) fostaíocht lánaimseartha ar feadh trí mhí (m.sh. fostaíocht samhraidh).

    Fíorú ag teastáil:

  • Litir ón bhfostóir ag deimhniú na ndátaí, an cineál fostaíochta agus an tuarastal. nó
  • Foirm theistiméireachta chomhlánaithe ó fhostóir (íoslódáil anseo).
  • Nóta: D’fhéadfadh PAC tuairiscí cánach a iarraidh mar fhíorú breise ar fhostaíocht.