An tIonad Iarratas Iarchéime - PHN Ceisteanna Coitianta
| 1. | |
| 2. | |
| 3. |
Comhlánaíonn tú foirm iarratais ar líne agus, ina dhiaidh sin, cuireann tú cóip chrua de dhoiciméid eile tacaíochta ar aghaidh leis an bpost (chuig PAC).
|
| 4. |
Is ea. Caithfear an chéad leathanach den fhoirm iarratais a chomhlánú. Ina dhiaidh seo, féadfaidh tú d’iarratas a shábháil tráth ar bith. As sin amach, chun iarratas atá sábháilte a chomhlánú, téigh chuig Stádas an Iarratais ar an gcóras iarratais ar líne.
Féach ar an fhoirm iarratais shamplach i gCeist 1 chun a fháil amach cad iad na ceisteanna is dóigh a chuirfear ort le linn an phróisis iarratais. |
| 5. |
Ceadaítear d’iarratasóirí ar PHN clár amháin (Altranas Sláinte Poiblí) agus trí institiúid (ar chóir iad a rangú de réir rogha) a roghnú. Más mian leat iarratas a dhéanamh ar chlár iarchéime eile laistigh de PAC, ní mór duit iarratas a dhéanamh trí PAC chuig an institiúid is rogha leat. Is gá táille faoi leith a íoc chuige seo.
|
| 6. |
Chomh maith le híocaíochtaí le cárta creidmheasa agus le cárta Laser, tá rogha ann freisin chun an íocaíocht a chur ar aghaidh, mar aon le táille bhreise riaracháin €8, i bhfoirm Ordaithe Poist nó Dréachta Bainc, iníoctha leis an Ionad Iarratas Iarchéime. Dá bhrí sin, is é €45 an táille iomlán le haghaidh íocaíochta nach ndéantar le cárta creidmheasa.
Tabhair do d’aire, le do thoil, nach ndéanfar d’iarratas a phróiseáil go dtí an dáta a fhaigheann an tIonad Iarratas Iarchéime íocaíocht i leith na táille iarratais (bí cinnte go bhfaighidh tú deimhniú postála nuair atá an táille iarratais á cur leis an bpost). Is ceart íocaíochtaí i bhfoirm Ordaithe Poist agus Dréachta Bainc a dhéanamh díreach i ndiaidh an t-iarratas ar líne a chur ar aghaidh. Is féidir íoc níos deireanaí, le cárta dochair nó creidmheasa ar chostas €45.00 nó le dréacht bainc ar chostas €50. |
| 7. |
Ar thug tú an seoladh ceart ríomhphoist (seiceáil ar an Admháil ó PAC i ndáil leis an Iarratas)? An bhfuil do chuntas ríomhphoist ag feidhmiú i gceart? I gcás iarratasóirí a úsáideann seoltaí ríomhphoist ar seoltaí gréasán-phoist iad, is ceart dóibh a thabhairt dá n-aire go bhféadfadh sé tarlú, má tá rogha ardleibhéil i bhfeidhm sa chuntas ríomhphoist i dtaca le scagadh dramhphoist de, go ndéanfar teachtaireachtaí ríomhphoist ón Ionad Iarratas Iarchéime agus the HSE and the other Institutions a áireamh mar a bheadh dramhphost ann. Ní mór duit an leibhéal scagtha i dtaca le dramhphost de a laghdú nó seoltaí ríomhphoist an Ionaid Iarratas Iarchéime (info@pac.ie), HSE (hse.ie), UCC (ucc.ie), UCD (ucd.ie) agus NUI Galway (nuigalway.ie) a chur isteach sa liosta seoltaí iontaofa ríomhphoist a nglactar teachtaireachtaí uathu. Más iarratasóir neamh-AE thú, cuir (ieoapplications@ucc.ie) leis. Más rud é nach bhfuil teachtaireachtaí á bhfáil agat i gcónaí, is ceart duit teagmháil a dhéanamh leis an Ionad Iarratas Iarchéime ag 091-549260.
|
| 8. |
Ní mór na doiciméid seo a sheoladh tríd an bpost chuig an Ionad Iarratas Iarchéime le d’Uimhir Iarratais Iarchéime.
Tabhair faoi deara le do thoil go mbeidh doiciméid bhreise ag teastáil ag céim an agallaimh maidir le hiarrthóirí a dtugtar cuireadh chun agallaimh dóibh. |
| 9. |
These documents must be submitted by post to the Postgraduate Applications Centre with your Postgraduate Application Number. You must read and accept the content of the General Declaration and if you wish you can download the declaration for your own information. Do not post this declaration to Postgraduate Applications Centre. |
| 10. |
Caithfidh na foirmeacha fhorlíontacha agus na doiciméid thacaíochta ar fad a bheith faighte ag PAC ag tráth nach déanaí ná Aoine 5pm an 8th Meitheamh 2012. Mura bhfaightear iad sin faoin dáta seo measfar d’iarratas a bheith neamhiomlán agus it will not be considered further.
|
| 11. |
Ní féidir, caithfidh tú iarratas ar líne a chomhlánú. Beidh seoladh beo ríomhphoist ag teastáil chun an tsaoráid seo a úsáid mar go ndéanfar gach comhfhreagras maidir le d’iarratas a chur chugat le ríomhphost. Mura bhfuil teacht agat ar ríomhaire pearsanta sa bhaile nó ag an obair, b’fhéidir go mbeadh gaol nó cara de do chuid in ann cabhrú leat. Ina theannta sin, is ceart go mbeadh saoráidí idirlín ar fáil i do leabharlann áitiúil nó i gCaife Idirlín.
|
| 12. |
Cinntigh go bhfuil www.pac.ie roghnaithe mar láithreán sábháilte agat ar do bhrabhsálaí. Féach ‘Help’ ar do bhrabhsálaí chun treoracha a fháil. Má tá Netscape in úsáid agat, b’fhéidir go mbeadh ort athrú go Internet Explorer.
|
| 13. |
Gheobhaidh tú teachtaireacht ríomhphoist ón Ionad Iarratas Iarchéime á rá leat stádas d’iarratais a sheiceáil (sa Roinn dar teideal ‘Stádas d’iarratais’ ar an gcóras iarratais ar líne). Tá sé thar a bheith tábhachtach go soláthraíonn tú an seoladh ceart ríomhphoist ar d’iarratas ar líne agus go bhfuil do chuntas ríomhphoist ag feidhmiú i gceart. Tá sé tábhachtach freisin go seiceálann tú do chuntas ríomhphoist go tráthrialta.
|
| 14. |
Seoladh Idirlín: www.pac.ie
Roghnaigh: Altranas Sláinte Poiblí Roghnaigh: Stádas an Iarratais Chun stádas reatha an iarratais a fheiceáil: Cliceáil ar 'Féach Stádas' Áireofar sa tsaoráid ‘Stádas an Iarratais’ eolas cothrom le dáta faoi d’iarratas agus an cinneadh deiridh maidir le d’iarratas. |
| 15. |
Tar éis duit na sonraí íocaíochta maidir le do tháille iarratais a chur ar aghaidh ar an gcóras iarratais ar líne, ní mór duit an Admháil i leith an Iarratais a chló. Beidh d’Uimhir Iarratais PAC san áireamh san eolas ar an Admháil i leith an Iarratais. Is féidir d’uimhir PAC agus a stádas a léiriú ar Stádas an Iarratais chomh maith.
|