Logáil Isteach ar PAC






 

  

Dearmad ar do phasfhocal? Cliceáil anseo

’bhfuil cuidiú uait maidir le logáil isteach? Cliceáil anseo

Déan Teagmháil

An Ionad Iarratas Iarchéime
Oifig Chláraithe:
1 Cearnóg Theach na Cúirte
Gaillimh

Cláraithe in Éirinn Uimhir: 291366


Teileafón: +353-(0)91-549260
Facs:     +353-(0)91-563056

Uaireanta Oscailte: 9:30am - 5:00pm

Ionad na nIarratas ar an Dioplóma Iarchéime san Oideachas (NUI)
(Iontráil 2011)


Bunaíodh Ionad na nIarratas ar an Dioplóma Iarchéime san Oideachas (NUI) sa bhliain 1998 le freastal a dhéanamh ar iarratais ar chúrsaí iarchéime sna ceithre chomhcholáiste d’Ollscoil na hÉireann. Is é cuspóir an Ionaid glacadh le hiarratais ar an Dioplóma Iarchéime san Oideachas sna hollscoileanna sin agus na hiarratais sin a phróiseáil.

Ba cheart gach fiosrúchán maidir le hiarratais a sheoladh chuig:

Ionad na nIarratas ar an Dioplóma Iarchéime san Oideachas (NUI),
1 Cearnóg Theach na Cúirte,
Gaillimh.
Teil. +353-(0)91-549260
Facs +353-(0)91-563056


Is gníomhaire é Ionad na nIarratas ar an Dioplóma Iarchéime san Oideachas (NUI) do na hollscoileanna ar fad atá páirteach sa chóras. Glacann na hOllscoileanna ar fad atá páirteach sa chóras lárnach leis an amchlár, leis na nósanna imeachta agus leis na rialacha, go bliantúil. Níl san Ionad Iarratas Iarchéime (NUI) ach gníomhaireacht riaracháin agus níl aon chead ag an Ionad aon athruithe a dhéanamh ar na nithe sin agus caithfidh an tIonad a chinntiú i gcónaí go dtugtar cothrom na féinne do gach iarratasóir agus nach dtugtar tosaíocht d’aon iarratasóir a chuirfeadh as do sheansanna iarratasóra eile.Níl san Ionad Iarratas Iarchéime ach gníomhaireacht riaracháin agus ní thacaíonn an tIonad le haon cheann de na cúig chúrsaí atá sa chóras, thar a chéile. Tá iachall ar an iarratasóir a chinntiú go bhfuil an cúrsa a roghnaítear oiriúnach dó/di.

Nuair is mian leat iarratas a thosú, ní mór duit logáil isteach ar Chóras PAC ar dtús, roghnaigh an roinn chuí atá suite ar an roghachlár ar dheis.

Faisnéis faoi Chláir

An Táille Iarratais agus na Spriocdhátaí

 
FeeSprioclá D’IarrataisSprioclá do Dhoicimeid
Gnáth Iarratas€801 Nollaig 20108 Nollaig 2010
Iarratais Dhéanacha€1209 Eanáir 201116 Eanáir 2011