Iarratas ar Staidéir Iarchéime – Ollscoil na hÉireann, Má Nuad (Iontráil 2010)
Moltar do gach iarrthóir a bhfuil spéis acu ann iad féin a chur ar an eolas faoi riachtanais iontrála agus dátaí tosaithe an chláir/na gclár is rogha leo. Is féidir tuilleadh eolais faoi gach clár atá ar fáil in OÉ Má Nuad a fháil trí chliceáil ar an nasc cuí.
Féadfaidh gach iarratasóir iarratas a dhéanamh ar thrí chlár.
Iarrtar mhic léinn nach mic léinn Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, iad trascríbhinní agus deimhniú breithe/pas bailí agus teistiméireachtaí (más infheidhme) a sholáthar
FOIRMEACHA FORLÍONTACHA: Tabhair do d’aire, le do thoil, go bhfuil foirmeacha breise forlíontacha le híoschóipeáil agus le comhlánú i gcás clár iarchéime áirithe a mhúintear. Más infheidhme maidir leis an gclár/na cláir a bhfuil iarratas á dhéanamh agat ina leith, déanfar Foirmeacha Forlíontacha (mar aon le Cód an Chúrsa) a thaispeáint lena n-íoschóipeáil tar éis chéim íoca an iarratais agus déanfar sin sa bhosca N.B. Léigh na Treoracha Tábhachtacha.
Ní mór duit cuntas gníomhach ríomhphoist a bheith agat chun an tsaoráid seo a úsáid. Is ortsa atá an fhreagracht as do chuntas a sheiceáil go tráthrialta agus as a chinntiú go bhfuil sé gníomhach agus ag feidhmiú i gceart.
Go raibh maith agat as spéis a léiriú in OÉ Má Nuad agus ádh mór leis an iarratas.
Nuair is mian leat iarratas a thosú, ní mór duit logáil isteach ar Chóras PAC ar dtús, roghnaigh an roinn chuí atá suite ar an roghachlár ar dheis.
Más mian leat iarratas a dhéanamh ar an Dioplóma Iarchéime san Oideachas (PGDE), cliceáil anseo.
