Go raibh maith agat as iarratas a dhéanamh ar chláir iarchéime i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.
Roimh dhul ar aghaidh leis an iarratas, ba chóir d’iarratasóirí an AE a chinntiú go gcomhlíonann siad na critéir incháilitheachta do stádas táillí an AE. Tá na critéir sin liostaithe anseo. Má thugtar eolas míchruinn, dícháileofar d’iarratas. Mura bhfuil tú cinnte faoi do stádas táille AE, déan teagmháil le hOifig na dTáillí, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Nuair is mian leat iarratas a thosú, ní mór duit clárú ar Chóras PAC. Is féidir é sin a dhéanamh trí chliceáil ar `Cláraigh` ag barr an leathnaigh. Má tá tú cláraithe cheana féin is feidir logáil isteach ag baint úsáid as do sheoladh ríomhphoist agus do phasfhocal.