An tIonad Iarratas Iarchéime - TCD Ceisteanna Coitianta

1. 
Seoladh Idirlín: www.pac.ie Logáil isteach ar chóras PAC* Roghnaigh: Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Roghnaigh: Mo Chuntas Chun stádas reatha an iarratais a fheiceáil: Cliceáil ar 'Stádas' *Caithfidh úsáideoirí PAC ainm úsáideora (seoladh ríomhphoist) agus pasfhocal a roghnú sula ndéanfaidh said iarratas, roghnaigh an áit chuí ar dheis ar leathanach baile PAC le logáil isteach.
2. 
Tá 2 leathanach le comhlánú. Ní hé an leagan amach céanna atá ar iarratas do chlár taighde agus atá ar iarratas do chlár a mhúintear, tá foirmeacha samplacha le fáil anseo:
3. 
Comhlánaíonn tú foirm iarratais ar líne agus, ina dhiaidh sin, cuireann tú cóip chrua de dhoiciméid eile tacaíochta ar aghaidh leis an bpost (chuig PAC).
4. 
Is ea. Caithfear an chéad leathanach den fhoirm iarratais, seachas uimhir an mhic léinn, a chomhlánú. Ina dhiaidh seo, féadfaidh tú d’iarratas a shábháil tráth ar bith. As sin amach, chun iarratas atá sábháilte a chomhlánú, téigh chuig Mo Chuntas ar an gcóras iarratais ar líne. Féach ar an fhoirm iarratais shamplach i gCeist 1 chun a fháil amach cad iad na ceisteanna is dóigh a chuirfear ort le linn an phróisis iarratais.
5. 
Tar éis duit na sonraí íocaíochta maidir le do tháille iarratais a chur ar aghaidh ar an gcóras iarratais ar líne, ní mór duit an Admháil i leith an Iarratais a chló. Beidh d’Uimhir Iarratais PAC san áireamh san eolas ar an Admháil i leith an Iarratais. Is féidir d’uimhir PAC agus a stádas a léiriú ar Mo Chuntas chomh maith.
6. 
Is é atá sa táille iarratais ar líne (ach cárta dochair nó cárta creidmheasa a úsáid) ná €50.00. Is féidir íoc níos deireanaí, le cárta dochair nó creidmheasa ar chostas €50.00 nó le dréacht bainc ar chostas €55. Tá an táille phróiseála iarratais ar líne iníoctha le PAC agus níl sé inaisíoctha.
7. 
Le cárta dochair/creidmheasa, nó le dréacht bainc, nó le haistriú díreach bainc (tabharfar sonraí duit de réir mar atá an t-iarratas á dhéanamh agat ar an gcóras ar líne). Ní ghlactar le seiceanna pearsanta ná le horduithe poist.
8. 
I gcás iarratasóirí a úsáideann seoltaí ríomhphoist ar seoltaí gréasán-phoist iad, is ceart dóibh a thabhairt dá n-aire go bhféadfadh sé tarlú, má tá rogha ardleibhéil i bhfeidhm sa chuntas ríomhphoist i dtaca le scagadh dramhphoist de, go ndéanfar teachtaireachtaí ríomhphoist ón Ionad Iarratas Iarchéime agus ón gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, a áireamh mar a bheadh dramhphost ann. Ní mór duit an leibhéal scagtha i dtaca le dramhphost de a laghdú nó seoltaí ríomhphoist an Ionaid Iarratas Iarchéime (info@pac.ie) agus Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath a chur isteach sa liosta seoltaí iontaofa ríomhphoist a nglactar teachtaireachtaí uathu.
9. 
D’fhéadfadh sé go n-iarrfar ort aon cheann nó gach ceann de na nithe seo a leanas a sholáthar (molaimid sin a dhéanamh laistigh de 5 lá oibre ón dáta a chuireann tú d’iarratas ar aghaidh): deimhniú breithe (iarratasóirí neamh-Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath), Trascríbhinn (iarratasóirí neamh-Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath; i gcás iarratasóirí nár bronnadh an cháilíocht orthu fós, ní mór dóibh déanamh amhlaidh nuair a fhaightear an cháilíocht), fianaise ar inniúlacht Bhéarla, teistiméireachtaí, ráiteas pearsanta. Maidir leis na nithe nach mór duit a chur ar aghaidh leis an bpost, beidh liosta díobh le fáil san admháil a thugtar ag deireadh an phróisis ar líne. Ní féidir doiciméid bhunaidh a sholáthraítear a chur ar ais chugat. Teastaíonn eolas breise ó ranna áirithe: tá sonraí maidir le riachtanais áirithe na gclár ar fáil anseo.
10. 
Má tá tú ag fanacht le torthaí scrúduithe a fháil fós (trascríbhinn), cuir an méid sin chuig PAC nuair a fhaightear é. Molaimid duit gach doiciméad tacaíochta a chur chugainn a luaithe is féidir mar nach mbeidh stiúrthóir cláir ábalta, i gcásanna áirithe, d’iarratas a bhreithniú go dtí mbeidh na doiciméid go léir aige/aici. Ní chealófar d’iarratas má thagann do chuid doiciméad déanach: ach d’fhéadfadh sé tarlú nach féidir d’iarratas a bhreithniú láithreach gan an t-eolas breise seo a bheith ar fáil.
11. 
Teastaíonn eolas breise ó ranna áirithe: tá sonraí maidir le riachtanais áirithe na gclár ar fáil anseo.
12. 
Tabharfar an nasc iomchuí íoschóipeála duit le linn an phróisis iarratais ar líne.
  • Foirm teistiméireacht Múintear/Taighde/Innovation Bursaries TCD: Cliceáil anseo
  • Foirm teistiméireacht Dioplóma Iarchéime san Oideachas TCD: Cliceáil anseo
13. 
Bíonn sé seo ag brath ar an gclár atá i gceist. Is ceart duit a bheith ag súil leis go n-iarrfar ort ainmneacha dhá mholtóir a thabhairt agus caithfidh duine amháin ar a laghad díobh a bheith ina d(h)uine acadúil. Má bronnadh do cháilíocht ort roinnt blianta ó shin agus nach féidir leat teistiméireacht acadúil a fháil, d’fhéadfadh sé gur leor teistiméireacht ghairmiúil a sholáthar.
14. 
Gheobhaidh tú teachtaireacht ríomhphoist ón Ionad Iarratas Iarchéime á rá leat stádas d’iarratais a sheiceáil sa Roinn dar teideal Mo Chuntas ar an gcóras iarratais ar líne. Tá sé thar a bheith tábhachtach go soláthraíonn tú an seoladh ceart ríomhphoist ar d’iarratas ar líne agus go bhfuil do chuntas ríomhphoist ag feidhmiú i gceart. Tá sé tábhachtach freisin go seiceálann tú do chuntas ríomhphoist go tráthrialta.
15. 
Seoladh Idirlín:  www.pac.ie
Roghnaigh: Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Roghnaigh: Logáil
Chun stádas reatha an iarratais a fheiceáil: Cliceáil ar an Mo Chuntas
16. 
Ar thug tú an seoladh ceart ríomhphoist (seiceáil ar an Admháil ó PAC i ndáil leis an Iarratas)? An bhfuil do chuntas ríomhphoist tar éis an teorainn spáis a shárú? D’fhéadfadh sé go mbeidh ort roinnt dramhtheachtaireachtaí/teachtaireachtaí nach bhfuil ag teastáil a thuilleadh a scriosadh chun spás a fhágáil ionas gur féidir teachtaireachtaí a fháil ó PAC. An bhfuil do chuntas ríomhphoist ag feidhmiú i gceart? Má tá (agus más rud é nach bhfuil teachtaireachtaí á bhfáil agat i gcónaí), is ceart duit dul i dteagmháil leis an Ionad Iarratas Iarchéime ag 091-549260.
17. 
I gcoitinne, idir 4 seachtaine agus 6 seachtaine tar éis an dáta dheireanaigh.
18. 
Ní féidir, caithfidh tú iarratas ar líne a chomhlánú. Beidh seoladh beo ríomhphoist ag teastáil chun an tsaoráid seo a úsáid mar go ndéanfar gach comhfhreagras maidir le d’iarratas a chur chugat le ríomhphost. Mura bhfuil teacht agat ar ríomhaire pearsanta sa bhaile nó ag an obair, b’fhéidir go mbeadh gaol nó cara de do chuid in ann cabhrú leat. Ina theannta sin, is ceart go mbeadh saoráidí idirlín ar fáil i do leabharlann áitiúil nó i gCaife Idirlín.
19. 
Cinntigh go bhfuil www.pac.ie roghnaithe mar láithreán sábháilte agat ar do bhrabhsálaí. Féach ‘Help’ ar do bhrabhsálaí chun treoracha a fháil. Má tá Netscape in úsáid agat, b’fhéidir go mbeadh ort athrú go Internet Explorer.
20.