An tIonad Iarratas Iarchéime - PDE Ceisteanna Coitianta

1. 
Is féidir – tá dhá leathanach le comhlánú. Cliceáil anseo chun leathanach 1 a fháil nó cliceáil anseo chun leathanach 2 a fháil.
2. 
Tá costas de €80 ar Ghnáth Iarratas Ar-Líne suas go dtí 01 Nolliag 2012. Is féidir Iarratas Deireanach a sheoladh isteach suas go dtí 09 Eanáir 2013 ar chostas €120. Tá na táillí thuasluaite le n-íoc le PAC agus tá siad neamh-inaisíoctha.
3. 
I gcás iarratasóirí a úsáideann seoltaí ríomhphoist ar seoltaí gréasán-phoist iad, is ceart dóibh a thabhairt dá n-aire go bhféadfadh sé tarlú, má tá rogha ardleibhéil i bhfeidhm sa chuntas ríomhphoist i dtaca le scagadh dramhphoist de, go ndéanfar teachtaireachtaí ríomhphoist ón Ionad Iarratas Iarchéime a áireamh mar a bheadh dramhphost ann. Ní mór duit an leibhéal scagtha i dtaca le dramhphost de a laghdú nó seoltaí ríomhphoist an Ionaid Iarratas Iarchéime (info@pac.ie) a chur isteach sa liosta seoltaí iontaofa ríomhphoist a nglactar teachtaireachtaí uathu.
4. 
Ní féidir, caithfidh tú iarratas ar líne a chomhlánú. Beidh seoladh beo ríomhphoist ag teastáil chun an tsaoráid seo a úsáid mar go ndéanfar gach comhfhreagras maidir le d’iarratas a chur chugat le ríomhphost. Mura bhfuil teacht agat ar ríomhaire pearsanta sa bhaile nó ag an obair, b’fhéidir go mbeadh gaol nó cara de do chuid in ann cabhrú leat. Ina theannta sin, is ceart go mbeadh saoráidí idirlín ar fáil i do leabharlann áitiúil nó i gCaife Idirlín.
5. 
Cinntigh go bhfuil www.pac.ie roghnaithe mar láithreán sábháilte agat ar do bhrabhsálaí. Féach ‘Help’ ar do bhrabhsálaí chun treoracha a fháil. Má tá Netscape in úsáid agat, b’fhéidir go mbeadh ort athrú go Internet Explorer.
6. 
Gheobhaidh tú teachtaireacht ríomhphoist ón Ionad Iarratas Iarchéime á rá leat stádas d’iarratais a sheiceáil (sa Roinn dar teideal `Mo Chuntas` ar an gcóras iarratais ar líne). Tá sé thar a bheith tábhachtach go soláthraíonn tú an seoladh ceart ríomhphoist ar d’iarratas ar líne agus go bhfuil do chuntas ríomhphoist ag feidhmiú i gceart. Tá sé tábhachtach freisin go seiceálann tú do chuntas ríomhphoist go tráthrialta.
7. 
Tar éis duit na sonraí íocaíochta maidir le do tháille iarratais a chur ar aghaidh ar an gcóras iarratais ar líne, ní mór duit an Admháil i leith an Iarratais a chló. Beidh d’Uimhir Iarratais PAC san áireamh san eolas ar an Admháil i leith an Iarratais. Féadfaidh tú breathnú ar Chóras PAC chomh maith, agus 'Mo Chuntas' sa roghchlár ar dheis a roghnú. Beidh iarratais chomhlánaithe agus neamhchomhlánaithe le feiceáil anseo.
8. 
Más céimí thú, we require a statement of results obtained on the completion of each year of study to date, chomh maith le fianaise i leith aon cháilíocht eile atá luaite agat i d’iarratas. Más fochéimí thú, we require a statement of results obtained on the completion of each year of study to date (Ná seol isteach torthaí ERASMUS nó coibhéiseach).
Ní mór doiciméid thacaíochta a sheoladh isteach laistigh de 7 lá ón uair a dhéantar iarratas ar líne agus d'Uimhir Iarratais PAC a lua go soiléir ar gach doiciméad.
An Dáta Deiridh i gComhair Doiciméadúcháin :
  • Gnáth Iarratas - 8th Nollaig 2012
  • Iarratas Deireanach - 16th Eanáir 2013

A completed employer reference form (download here) is also required.
9. 
Féach ar an Roinn maidir le “Céimeanna Aitheanta” agus An Chomhairle Mhúinteoireachta .
10. 
Gnáth Iarratas - 01 Nollaig 2012
Iarratas Deireanach – 09 Eanáir 2013.
11. 
I gcás iarratasóirí ag a bhfuil deacracht maidir le hiarratas ar líne a dhéanamh, is féidir leo dul i dteagmháil le PAC ag an
Ionad Iarratas Iarchéime,
1 Cearnóg Theach na Cúirte,
Gaillimh,
Éire.
Teil: + 353 (0)91 549260
Facs: +353 (0)91 563056