Instructions for Applying

  1. Céim 1 - roghnaigh cód an chláir/na gclár ar mian leat cur isteach air/orthu
    Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil.

    Chun é seo a dhéanamh, roghnaigh an Institiúid a bhfuil tú ag déanamh iarratais chuici ón roghchlár ar thaobh na láimhe deise, ansin:
    • Brabhsáil réamheolaire na hInsitiúide féin ar a láithreán gréasáin nó
    • Cuardaigh na cláir ar láithreán gréasáin PAC trí nasc na gClár Iarchéime a roghnú. Ansin roghnaigh Múinte/Taighde/ etc de réir mar is cuí. Tabharfaidh sé seo chuig mír thú, áit ar féidir leat na cláir a bhrabhsáil de réir scoile/roinne/theideal an chúrsa. Treoróidh na naisc ar an leathanach seo ar ais chuig réamheolaire ar líne na hInstitiúide féin thú chun a chinntiú gurb é an t-eolas sa réamheolaire an t-eolas is déanaí atá ar fáil i gcónaí.
    Déan nóta, le do thoil, de chód an chúrsa/an chláir. Teastóidh sé seo nuair a bheidh an fhoirm iarratais á comhlánú agat.
  2. Céim 2 - Tosaigh an tIarratas
    Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil.

    Má roghnaíonn tú an nasc ‘Conas Iarratas a Dhéanamh’ ar an roghchlár ar bharr an leathanaigh nó an cnaipe ‘Déan Iarratas’ ag an mbarr déanfar thú a atreorú chun logáil isteach ar an gcuntas PAC atá agat faoi láthair nó mar mhalairt air sin clárú ar chóras PAC.

    Chun Cuntas Úsáideora a Chlárú:
    • Roghnaigh an cnaipe ‘Cláraigh’ ar an roghchlár ar Thaobh na Láimhe Deise ar aon leathanach ar chóras PAC.
    • Beidh ort seoladh ríomhphoist agus pasfhocal a sholáthar i gcomhair do chuntais.
      Cinntigh le do thoil go mbeidh rochtain agat amach anseo ar an seoladh ríomhphoist, ní mholtar seoltaí ríomhphoist coláiste. Ansin, iarrfar roinnt eolais bhunúsaigh ort chun do chuntas a chruthú .
    Nuair a bhíonn tú logáilte isteach roghnaigh an sórt cláir ar mian leat iarratas a dhéanamh air agus déanfar thú a atreorú chuig tús na foirme iarratais.
  3. Céim 3 – Comhlánaigh an Fhoirm Iarratais
    Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil.

    Tá foirm iarratais gach Institiúide beagán éagsúil ach bíonn an t-eolas bunúsach a iarrtar mar an gcéanna iontu ar fad.
    Ní mór duit eolas pearsanta breise a sholáthar, sonraí na gcáilíochtaí a bhain tú amach roimhe seo agus anois agus arís taithí atá agat a thacaíonn le d’iarratas.
    Is féidir seatanna samplacha den scáileán a thaispeánann an fhoirm iarratais a fheiceáil faoi mhír Ceisteanna Coitianta (FAQ) gach Institiúide.
    Is féidir leat d’fhoirm iarratais a shábháil am ar bith le linn an phróisis agus filleadh tríd an nasc ‘Stádas an Iarratais’ atá faoin mír ‘Mo PAC’ ar an roghchlár ar thaobh na láimhe deise nuair a logáil tú isteach ar an gcóras.
  4. Céim 4 – Íoc an Táille Iarratais
    Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil.

    Tá do tháille iarratais neamh-in-aisíoctha iníoctha go díreach le PAC.
    Is féidir leat do tháille a íoc ar líne le Visa, Mastercard nó cárta Laser ar tháille €45 i gcás gach Institiúide a ndéanann tú iarratas chuici nó mar mhalairt air sin is féidir leat íoc le Dréacht Bainc nó le hAistriú Bainc ar dháta níos déanaí, gearrfar táille próiseála breise de €5 air seo.
    Ní bheidh d’iarratas le feiceáil ag an Institiúid go dtí go mbeidh do tháille íoctha agat.
  5. Céim 5 – Cuir isteach doiciméadú tacaíochta
    Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil.

    Beidh méid áirithe de dhoiciméadú tacaíochta ag teastáil ó gach Institiúid faoi leith chun cur ar a gcumas d’iarratas a phróiseáil. Tabharfar eolas a léiríonn cé na doiciméid iad seo nuair a bheidh an fhoirm iarratais comhlánaithe.
    San áireamh sna doiciméid beidh Tras-Scríbhinní Torthaí má fuair tú do chéim ó institiúid eile seachas an institiúid a bhfuil tú ag déanamh iarratais chuici, cruthúnas ar do stádas san AE mar theastas breithe, fótachóip de do phas, etc.
    Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh doiciméadú breise de dhíth maidir le cláir faoi leith a bhaineann go sonrach leis an gclár sin.
    Chun do dhoiciméadú a chur isteach is féidir leat é a uaslódáil díreach chuig an gcóras tríd an leathanach M’Iarratas nó mar mhalairt air sin é a sheoladh go díreach chuig an Ionad Iarratas Iarchéime tríd an bpost.

    Documents MUST be in a clear format, be of good quality and a readable size.
    Poor Quality/unreadable documents will seriously affect the assessment of your application.

    Documents must be:
      * a valid doc/docx/txt/pdf/pjpeg/jpeg/jpg/gif/png/rtf file
      * no bigger than 5mb in size


    PLEASE NOTE: For NUI Galway, transcripts must be certified true copies. Transcripts cannot be uploaded and must be posted into the PAC office
  6. Céim 6 – Coinnigh tuairisc ar stádas d’iarratais
    Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil.

    Is féidir leat tuairisc a choinneáil ar stádas d’iarratais ag am ar bith tríd an mír Stádas an Iarratais ar an láithreán gréasáin. Is féidir leat aon doiciméadú breise a theastaíonn a uaslódáil anseo chomh maith le stádas reatha d'iarratais a fheiceáil.
    Déanann an Institiúid a ndearna tú iarratas chuici d’iarratas a phróiseáil agus tiocfaidh gach comhfhreagras maidir le stádas d’iarratais uathusan trí chóras PAC.
    Nuair a thagann athrú ar stádas d’iarratais gheobhaidh tú fógra ríomhphoist ag rá leat síniú isteach chuig an mír Stádas an Iarratais.
    Tá sé an-tábhachtach go ndéanfá monatóireacht leanúnach ar do chuid ríomhphost do nuashonruithe mar go bhféadfadh sé go mbeadh ort freagra tráthúil a thabhairt ar cheist chun leanúint ar aghaidh le d’iarratas.