Treoracha maidir le hIarratas ar Staidéar a Mhúintear TCD
(Moltar do gach iarratasóir na treoracha seo a léamh roimh leanúint ar aghaidh le d’iarratas)
- Is ceart duit eolas a chur ar na riachtanais iontrála le haghaidh gach cláir a ndéanann tú iarratas ina leith; tá an t-eolas sin le fáil i réamheolaire ar líne TCD. Is ceart duit, go háirithe, suntas a thabhairt do dháta tosaithe gach cláir agus do na dátaí deireanacha chun iarratais chomhlánaithe a bheith faighte.
- FOIRMEACHA FORLÍONTACHA: Tabhair do d’aire, le do thoil, go bhfuil foirmeacha breise forlíontacha le híoschóipeáil agus le comhlánú i gcás clár iarchéime áirithe a mhúintear. Tá na Foirmeacha Forlíontacha ina gcuid an-tábhachtach den nós imeachta iarratais le haghaidh na gclár seo agus ní féidir iarratais orthu a bhreithniú mura ndéantar na foirmeacha forlíontacha a chomhlánú agus a chur ar fáil don Ionad Iarratas Iarchéime in éineacht le d’Uimhir Iarratais Iarchéime. Más infheidhme maidir leis an gclár/na cláir a bhfuil iarratas á dhéanamh agat ina leith, déanfar Foirmeacha Forlíontacha (mar aon le Cód an Chúrsa) a thaispeáint lena n-íoschóipeáil tar éis chéim íoca an iarratais agus déanfar sin sa bhosca N.B. Léigh na Treoracha Tábhachtacha. Adobe Acrobat Reader Caithfidh Leagan 8 nó níos airde a bheith suiteáilte ar do ríomhaire ionas go mbeidh tú in ann ár bhfoirmeacha PDF a íoslódáil agus a léamh.
- Tar éis duit na mionsonraí iarratais a iontráil, beifear ag súil go n-íocfaidh tú táille iarratais neamh-inaisíochta €50. Is féidir an íocaíocht sin a dhéanamh le Cárta Creidmheasa (MasterCard/Visa) nó le Cárta Dochair (Laser). Is féidir íocaíocht a dhéanamh le Dréacht Bainc nó le hAistriú Bainc freisin ach tá muirear breise riaracháin €5 ann i leith íocaíochtaí den sórt sin. Más mian leis an iarratasóir iarratas breise a dhéanamh ar chúrsa eile (i.e. múinte nó taighde), beidh a t-iarratas breise seo saor in aisce.
- Ní féidir le hiarratasóir ach iarratas amháin a dhéanamh, agus suas go cúig chlár mhúinte a lua ann mar roghanna.
- Ní mór duit cuntas gníomhach ríomhphoist a bheith agat chun an tsaoráid seo a úsáid. I gcás iarratasóirí a úsáideann seoltaí ríomhphoist ar seoltaí gréasán-phoist iad, is ceart dóibh a thabhairt dá n-aire go bhféadfadh sé tarlú, má tá rogha ardleibhéil i bhfeidhm sa chuntas ríomhphoist i dtaca le scagadh dramhphoist de, go ndéanfar teachtaireachtaí ríomhphoist ón Ionad Iarratas Iarchéime, Gaillimh, agus ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, a áireamh mar a bheadh dramhphost ann. Ní mór duit an leibhéal scagtha i dtaca le dramhphost de a laghdú nó seoltaí ríomhphoist an Ionaid Iarratas Iarchéime, Gaillimh (info@pac.ie), agus Trinity College Dublin (@tcd.ie) a chur isteach sa liosta seoltaí iontaofa ríomhphoist a nglactar teachtaireachtaí uathu.
- Déanfar gach teachtaireacht maidir le stádas d’iarratais a chur chugat le ríomhphost. Is ortsa atá an fhreagracht as a chinntiú go seiceálann tú do chuntas ríomhphoist go rialta chun comhfhreagras den sórt sin a fháil.
- Níl an tIonad Iarratas Iarchéime freagrach as measúnú a dhéanamh ar d’iarratas. Déantar d’iarratas a mheasúnú i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.
- Ní mór gach doiciméad tacaíochta i bhfoirm páipéir (cháilíochtaí neamh-TCD, pár/teastas, mholtóir agus raiteas pearsanta forlíontach más gá) atá le soláthar agat mar chuid den iarratas a chur leis an bpost chuig PAC i bpacáiste amháin. Cuir gach doiciméad chugainn i bhformáid A4 (nó a chomhionann). Ní theastaíonn trascríbhinní ná cóipeanna de chéimeanna a bhronn Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Ní féidir doiciméid bhunaidh a sholáthraítear a chur ar ais chugat. Ná seol isteach ach cóipeanna de cháilíochtaí nach cáilíochtaí TCD iad ag céim an iarratais: agus tabhair faoi deara go seiceálfar agus go bhfíorófar na bunchóipeanna nuair a ghlacfar le duine ar chúrsa. Ní mór na doiciméid go léir a chur leis an bpost chuig an Ionad Iarratais Iarchéime, 1 Cearnóg Theach na Cúirte, Gaillimh, Éire. Ní mór an t-eolas seo a bheith againn faoin dáta deireanach chun iarratas a dhéanamh ar an gclár a bhfuil iarratas á dhéanamh ina leith (nó, i gcás iarratas a bheith á dhéanamh ar roinnt clár, faoin dáta is luaithe de na dátaí deireanacha chun iarratas a dhéanamh). Tá na dátaí deireanacha chun iarratais a fháil le haghaidh gach cláir le fáil i réamheolaire ar líne TCD. Ní féidir measúnú a dhéanamh ar d’iarratas go dtí go bhfaightear an t-eolas seo.
- NÍ MÓR do gach iarratasóir uimhir 8 bhfigiúr a n-iarratais ar Staidéar Iarchéime a bhreacadh síos agus a choimeád; gheofar an uimhir sin ag an gcéim dheiridh den phróiseas iarratais.Beidh Uimhir d’Iarratais Iarchéime ag teastáil chun logáil isteach i do Chuntas ar láithreán gréasáin PAC chun eolas cothrom le dáta a fháil faoi stádas d’iarratais. Ní mór Uimhir d’Iarratais Iarchéime a bheith marcáilte ar gach doiciméad forlíontach a chuirtear chuig an Ionad Iarratais Iarchéime.
- Ní mór Javascript a chumasú chun an fhoirm iarratais a chomhlánú. Cliceáil anseo le do thoil chun féachaint ar na treoracha.
- Moltar do gach iarratasóir na Ceisteanna Coitianta (FAQs) a léamh sula ndéantar iarratas.
- Is ceart do mhic léinn a mbíonn deacrachtaí teicniúla acu le linn iarratas a dhéanamh dul i dteagmháil le PAC.