Treoracha chun Iarratas a dhéanamh ar Altranas Sláinte Poiblí
(Moltar do gach iarratasóir na treoracha seo a léamh roimh leanúint ar aghaidh le d’iarratas)
Tá na hurraíochtaí atá á dtairiscint faoi réir ag formheas a fháil ón Roinn Sláinte agus Leanaí. Sa chás nach bhfaightear formheas tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil táille iarratais €50 PAC neamh-in aisíoctha.
Bíodh aird agat ar na spriocdhátaí seo a leanas :
- Spriocdháta d’Iarratais Chomhlánaithe: 5.00pm an 8th Aibreáin 2012
- Ní mór an Doiciméadú Tacaíochta agus na Foirmeacha Forlíontacha ar fad a bheith faighte ag tráth nach déanaí ná 5pm an 15 Aibreán 2012
- Ba chóir duit eolas a chur ar riachtanais iontrála an chláir, mar a leagann an HSE amach, go háirithe, spriocdhátaí na n-iarratas agus cáipéisí tacaíochta.
- Please note that there are supplementary forms to be downloaded and completed as part of the application process. These forms must be completed and returned by post to the Postgraduate Applications Centre quoting your Postgraduate Application Number.
- Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil doiciméid thacaíochta sa bhreis ag teastáil mar chuid den phróiseas iarratais.
- DOICIMÉADÚ TACAÍOCHTA A THEASTAÍONN ÓN bhFORAS ARDOIDEACHAIS (HEI):
Tabhair faoi deara go bhfuil foirmeacha breise le híoslódáil agus le comhlánú mar chuid den iarratas. Ní mór na doiciméid seo a chur isteach trí uaslódáil tríd an nasc “My Account” nó is féidir é a sheoladh tríd an bpost chuig an Ionad Iarratas Iarchéime le d’Uimhir Iarratais Iarchéime.- Teastas IELTS (Córás Idirnáisiúnta Tástála Béarla) (más cuí). Caithfidh mic léinn nach as Éirinn dóibh agus nach bhfuil Béarla mar chéad teanga acu, fianaise a sholáthar go bhfuil dóthain Béarla acu le háit a fháil. 7.0 an t-íos-scór. Tá tuilleadh eolais faoi na Tástálacha ar Líofacht sa Bhéarla le fail ar http://www.ielts.org/. Ní mór cóip de mhéid A4 (nó a mhacasamhail) den doiciméad IELTS a chur tríd an bpost chuig an Ionad Iarratas Iarchéime le d'Uimhir Iarratais Iarchéime. Níor chóir an doiciméad bunaidh a sheoladh mar ní chuirfidh PAC ar ais é.
- Athscríbhinn Acadúil nó cáipéis APEL
Cáipéis í an athscríbhinn acadúil ó choláiste nó ollscoil a léiríonn torthaí deiridh a baineadh amach. Caithfidh iarrthóirí a léiriú go bhfuil clár staidéir déanta acu ag NQF, leibhéal acadúil 8. Úsaidfear an athscríbhinn acadúil mar fhianaise, ba chóir gurb é an dámhachtain is airde a fuair an t-iarrthóir a bheadh anseo. Mura bhfuil cáilíocht leibhéal 8 agat (céim onórach nó ard-dioplóma leibhéal 8) nó mura bhfuil tú cinnte an bhfuil do cháilíocht acadúil ag leibhéal 8 nó a chomhionann, féach http://www.nqai.ie nó http://www.nfq.ie, caithfidh tú Cáipéis do Chreidiúnú i Réamhfhoghlaim Eispéiris (APEL) a chomhlánú agus a sheoladh isteach. It is the responsibility of the applicant to verify the level of the course(s) previously undertaken for eligibility purposes.
Tabhair faoi deara le do thoil go mbeidh doiciméid bhreise ag teastáil ag céim an agallaimh maidir le hiarrthóirí a dtugtar cuireadh chun agallaimh dóibh.
- Instructions for APPLICATION to Public Health Nursing THROUGH PAC:
- Cruthaigh Cuntas chun Logáil isteach ar PAC (úsáideoirí céaduaire amháin) – Is gá d’iarratasóirí atá ina n-úsáideoirí céaduaire cuntas a chruthú sula ndéanann siad iarratas. Téigh chuig an rannán chun logáil isteach ag barr an leathnaigh agus cliceáil ar an nasc cláraigh. Cuir isteach do sheoladh ríomhphoist, do phasfhocal agus do shonraí teagmhála agus cliceáil cuir isteach.
- Moltar go láidir duit an fhoirm iarratais a shábháil go rialta.
- Moltar go láidir duit aon ráiteas pearsanta nó freagraí bunaithe ar inniúlacht a chruthú i gcomhad téacs le haghaidh do thaifid féin agus iad a chóipeáil isteach san fhoirm iarratais.
- Tar éis duit na mionsonraí iarratais a iontráil, beifear ag súil go n-íocfaidh tú táille iarratais neamh-inaisíochta €50. Is féidir an íocaíocht sin a dhéanamh le Cárta Creidmheasa (MasterCard/Visa) nó le Cárta Dochair (Laser). Is féidir íocaíocht a dhéanamh le Dréacht Bainc nó le hAistriú Bainc freisin ach tá muirear breise riaracháin €5 ann i leith íocaíochtaí den sórt sin. Ní dhéanfar d’iarratas a bhreithniú mura mbíonn do tháille iarratais íoctha agat faoin 8 Aibreán 2012.
- Ní féidir le haon iarratasóir ach iarratas amháin a dhéanamh, ach féadfar cúrsaí a roghnú i suas le ceithre Institiúid Ardoideachais (HEI). Iarratas atá anseo ar Urraíocht Altranas Sláinte Poiblí amháin. Féadfaidh iarratasóir suas le ceithre Institiúid a roghnú san iarratas seo (ach iad a chur in ord tosaíochta 1-4). Más mian leat iarratas a dhéanamh ar chlár eile iarchéime le PAC, caithfidh tú iarratas a dhéanamh ar an institiúid sin trí PAC. Beidh táille eile iarratais le híoc mar gheall air seo.
- Ní mór duit cuntas gníomhach ríomhphoist a bheith agat chun an tsaoráid seo a úsáid. Is ortsa atá an fhreagracht as do chuntas a sheiceáil go tráthrialta agus as a chinntiú go bhfuil sé gníomhach agus ag feidhmiú i gceart. I gcás iarratasóirí a úsáideann seoltaí ríomhphoist ar seoltaí gréasán-phoist iad, is ceart dóibh a thabhairt dá n-aire go bhféadfadh sé tarlú, má tá rogha ardleibhéil i bhfeidhm sa chuntas ríomhphoist i dtaca le scagadh dramhphoist de, go ndéanfar teachtaireachtaí ríomhphoist ón Ionad Iarratas Iarchéime, Gaillimh, HSE agus HEIs, a áireamh mar a bheadh dramhphost ann. Ní mór duit an leibhéal scagtha i dtaca le dramhphost de a laghdú é sin nó cuir seoltaí ríomhphoist an Ionaid Iarratas Iarchéime, Gailimh (pac.ie), an HSE (hse.ie), UCC (ucc.ie), UCD (ucd.ie) OÉ Gaillimh (oegaillimh.ie) agus STACS (stacs.ie) ar do liosta de sheoltóirí sábháilte.
- Déanfar gach teachtaireacht maidir le stádas d’iarratais a chur chugat le ríomhphost. Is ortsa atá an fhreagracht as a chinntiú go seiceálann tú do chuntas ríomhphoist go rialta chun comhfhreagras den sórt sin a fháil.
- Níl an tIonad Iarratas Iarchéime freagrach as d’iarratas a mheas. Déanfaidh an HSE agus an Institiúid Ardoideachais d’iarratas a mheas.
- Ní mór do gach iarrthóir an uimhir iarratais a lua (8 digit atá i gceist). Beidh sé seo tugtha duit le linn na staide deireanaí den mhodh iarratais. Beidh an uimhir seo ag teastáil uait chun dul isteach i do chuntas ar an gcóras PAC, chun seiceáil a dhéanamh ar stádas d’iarratais. Ba chóir d’uimhir iarratais a lua ar gach doiciméad bhreise a sheolfaidh tú chuig an Ionad Iarratais Iarchéime.
- Stádas d’iarratais a sheiceáil Nuair a bhíonn iarratas ar líne comhlánaithe, ba chóir d’iarratasóirí stádas a n-iarratas a sheiceáil go rialta do nuashonruithe agus cinntí deiridh roghnúcháin mar seo a leanas:-
- Téigh chuig láithreán gréasáin PAC: http://www.pac.ie, ansin téigh chuig an rannán Logáil isteach ag barr an leathnaigh.
- Iontráil ainm úsáideora (seoladh ríomhphoist) agus pasfhocal
- Cliceáil ar ag barr an leathnaigh.
- Cliceáil ar Mo Chunta
- Taispeánfar iarratais an iarratasóra atá ann cheana féin ar an scáileán. Cliceáil ar an nasc Stádas chun féachaint ar stádas reatha d’iarratais agus ar chinntí deiridh an iarratais
- Cliceáil ar an rogha Logáil ag barr an leathnaigh
- Is ceart do mhic léinn a mbíonn deacrachtaí teicniúla acu le linn iarratas a dhéanamh dul i dteagmháil le PAC.
- JNí mór Javascript a chumasú chun an fhoirm iarratais a chomhlánú. Cliceáil anseo le do thoil chun féachaint ar na treoracha.