Eolas Ginearálta maidir leis An Dioplóma Gairmiúil san Oideachas (OÉ) - PDE

Ráiteas Ginearálta

Déanfar iarratais ar iontráil i bhFómhar 2013 a phróiseáil de réir na rialachán agus na nósanna imeachta agus an amchláir atá leagtha amach i Leathanach Gréasáin PAC. Ní ceart d’aon iarratasóir drannadh leis an bhFoirm Iarratais ar-líne gan féachaint ar na treoracha sin ar dtús.

Déanann Ionad na nIarratas ar an Dioplóma Gairmiúil san Oideachas (NUI) freastal ar na hOllscoileanna ar fad atá páirteach sa Chóras Ar-Líne Iarratais. Is gníomhaire é an tIonad do na hOllscoileanna sin. Glacann na hOllscoileanna ar fad atá páirteach sa chóras lárnach leis an amchlár, leis na nósanna imeachta agus leis na rialacha, go bliantúil. Níl aon chead ag Ionad na nIarratas ar an Dioplóma Gairmiúil san Oideachas (NUI) aon athruithe a dhéanamh ar na nithe sin agus caithfidh an tIonad a chinntiú i gcónaí go dtugtar cothrom na féinne do gach iarratasóir agus nach dtugtar tosaíocht d’aon iarratasóir a chuirfeadh as do sheansanna iarratasóra eile.

Níl in Ionad na nIarratas ar an Dioplóma Gairmiúil san Oideachas (NUI) ach gníomhaireacht riaracháin agus ní thacaíonn an tIonad le haon cheann de na cúig chúrsaí atá sa chóras, thar a chéile. Tá iachall ar an iarratasóir a chinntiú go bhfuil an cúrsa a roghnaítear oiriúnach dó/di.

Treoracha d’Iarratasóirí


Caithfidh iarratasóirí ar an Dioplóma Gairmiúil san Oideachas (NUI) sna ceithre ollscoil thuas-luaite, a gcuirfear tús leis i bhFómhar 2013, foirm iarratais chomhchoiteann amháin ar-líne a chomhlánú má theastaíonn uathu a bheith san áireamh. Ní mór roghanna a léiriú sa chás go dteastaíonn ó iarratasóir níos mó ná cúrsa amháin a roghnú. Caithfidh an fhoirm iarratais ar-líne PDEAC a shroichint roimh 01 Nollaig 2012. Tá costas de €80 ar Iarratas Luath Ar-Líne agus caithfera an táille sin a íoc le cárta creidmheasa. Is gá eolas sa bhreis a sheoladh isteach sa chás seo roimh 08 Nollaig 2012. Má sheolann tú Iarratas ar-líne deireanach isteach, ansin is gá é sin a dhéanamh ar-líne freisin roimh 09 Eanáir 2013, ar chostas €120 le cárta creidmheasa. Is gá eolas sa bhreis a sheoladh isteach sa chás seo (Iarratais Dheireanacha) roimh 16 Eanáir 2013. Déanfar iarratais a mheas de réir an eolais atá curtha ar fáil ar an bhfoirm iarratais ar-líne chomh maith leis na cáipéisí breise a thagann isteach ina dhiaidh sin.

Tá iachall ar gach iarratasóir a chinntiú go bhfuil an t-eolas a chuireann sé/sí ar fáil cruinn agus iomlán.

Tairiscint shealadach a bheas i ngach tairiscint ar-líne a eiseofar agus beidh sé sin amhlaidh nó go gcuirfear cruthúnas ar fáil maidir le heolas a bhí ar an bhfoirm iarratais agus freisin nó go gcomhlíonfar coinníollacha eile maidir leis an tairiscint. I ngach cás, caithfear an bhunchéim cháilithe Cáilitheachta Céime (féach anseo) a bheith ag iarratasóirí ar aon cheann de na cúrsaí Dioplóma Gairmiúil san Oideachas (NUI) le dul staidéar a dhéanmah ar aon cheann de na cúrsaí atá sa chóras.

Má bhíonn an t-eolas a chuirtear ar fáil míchruinn, ansin tá sé de cheart do thairiscint ar-líne ar áit a chur ar ceal agus ní bheidh an ollscoil freagrach as aon socruithe nó gealltanais atá déanta agat bunaithe ar an tairiscint chéanna.

Iarrtar ar iarratasóirí gan dul chuig aon scoil ag lorg cleachtadh múinteoireachta nó go mbíonn tairiscint ar áit i gceann de na cúrsaí san Dioplóma Gairmiúil san Oideachas (NUI) faighte acu.

Dátaí/Nótaí Tábhachtacha

  1. 1 Nollaig 2012 - An dáta deireanach le glacadh le foirmeacha iarratais comhlánaithe ar-líne in Ionad na nIarratas ar an Dioplóma Gairmiúil san Oideachas (NUI), Uimh. 1 Cearnóg Theach na Cúirte, Gaillimh Táille Iarratais - €80. Glacfar le hIarratais Dheireanacha go dtí 09 Eanáir 2013 ar tháille €120. Tá na Táillí Iarratais ar fad neamh-inaisíoctha.
  2. Níl aon áis athruithe intinne ag PDEAC, ach d’fhéadfadh sé go gceadódh PDEAC eisceachtaí ar an riail áirithe seo i gcásanna ar leith ina gcuirtear fianaise chuimsitheach ar fáil. Ba cheart go gcuirfí an fhianaise seo ar fáil roimh 16 Márta 2013 ar a dheireanaí.
  3. Caithfidh Iarratais maidir le hAitheantas Céimeann le clárú mar Mhúinteoir an Chomhairle Mhúinteoireachta a shroichint roimh 09 Eanáir 2013. Clúdaíonn sé seo Gnáth Iarratais (01 Nollaig 2012) agus Iarratais Dheireanacha (09 Eanáir 2013). Féach anseo le sonraí sa bhreis a fháil.
  4. Eiseofar Tairiscintí Sealadacha Bhabhta ar-líne a hAon ar nó tar éis 01 Aibreán 2013.
    (Tá an éarlais le glacadh le tairiscint neamh-inaisíoctha).
  5. Eiseofar an Dara Babhta Tairiscintí ar-líne roimh dheireadh mhí na Bealtaine 2013.
  6. Beidh ar gach iarratasóir atá le glacadh le tairiscint a thagann chucu (má thagann aon cheann) éarlais €260 a íoc ar-líne, is cuma an bhfuil siad i dteideal deontais nó nach bhfuil. Seolfar an éarlais seo chuig an ollscoil chuí sa chás go gcláraíonn an t-iarratasóir leis an ollscoil sin i bhFómhar na bliana 2013. Tá an éarlais le glacadh le tairiscintí neamh-inaistrithe agus neamh-inaisíoctha.
  7. Moltar go láidir duit an fhoirm iarratais a shábháil go rialta.

Beidh ar gach iarratasóir atá le glacadh le tairiscint a thagann chucu (má thagann aon cheann) éarlais €260 a íoc ar-líne, is cuma an bhfuil siad i dteideal deontais nó nach bhfuil. Seolfar an éarlais seo chuig an ollscoil chuí sa chás go gcláraíonn an t-iarratasóir leis an ollscoil sin i bhFómhar na bliana 2013. Tá an éarlais le glacadh le tairiscintí neamh-inaistrithe agus neamh-inaisíoctha.

Amchlár Iarratais

Tar éis duit d’fhoirm iarratais ar-líne a dhéanamh,is gá duit eolas sa bhreis a sholáthar láithreach.
Is gá d’Iarratasóirí ar Fochéimithe iad agus atá sa bhliain dheiridh de chéim aitheanta torthaí scrúduirthe a sholáthar i bhfoirm céadatáin. Is ceart bunchóip nó fótachóip dheimhnithe den Ráiteas Torthaí a fuaireadar on the completion of each year of study to date (ní Erasmus) a sheoladh isteach chuig PDEAC agus an Uimhir Thagartha scríofa ar gach cáipéis.
Maidir le Céimithe, Is gá dóibh torthaí scrúduirthe a sholáthar i bhfoirm céadatáin. Is ceart bunchóip nó fótachóip dheimhnithe den Ráiteas Torthaí a fuaireadar on the completion of each year of study to date (ní Erasmus) a sheoladh isteach chuig PDEAC agus an Uimhir Thagartha scríofa ar gach cáipéis.
Déan cinnte go bhfuil an t-eolas cruinn agus soiléir. Caithfidh torthaí scrúdithe a bheith i bhfoirm céadatáin nó GPA.
Déanfar iarratais a mheas sa tréimhse idir 15 Eanáir agus 01 Aibreán 2013 agus cuirfear iarratasóirí isteach in ord fiúntais ansin. Is ceart a choinneáil i gcuimhne nach mbeidh aon bhaint ag an tslí ina roghnaíonn tú aon cheann de na cúrsaí atá ar fáil leis an ionad a bheas agat san ord fiúntais.

Tabharfar tairiscint duit ar an gcúrsa is airde rogha bunaithe ar d’ionad san ord fiúntais (má tá aon chúrsa ag dul duit).

Nuair a bheidh áit tairgthe do dhuine ar-líne i gceann amháin dá roghanna cúrsaí ní chuirtear san áireamh é/í feasta i gcás aon rogha atá níos ísle san ord roghanna ná an ceann a bhfuil áit tairgthe ina leith. Ciallaíonn sé seo gur féidir le duine áit níos airde a fháil (má bhíonn áiteanna ann de bharr daoine eile ag tarraingt siar) ach nach mbreithneofar é/í d’áit ar chúrsa atá níos ísle san ord roghanna ná an ceann atá tairgthe cheana. I gcás ina dtairgtear áit ar-líne do dhuine agus nach é céad rogha an duine sin é d’fhéadfadh sé tarlú ina dhiaidh sin go bhfaighidh sé/sí tairiscint ar-líne i leith rogha níos airde má bhíonn áit ar fáil. Bíonn feidhm ag an socrú seo cibé acu atá nó nach bhfuil an chéad tairiscunt glactha ag an iarratasóir. NÍ GÁ glacadh le tairiscint ar-líne le go gcuirfear san áireamh tú i gcomhair rogha níos airde. Ní féidir a bheith cinnte, ar ndóigh, go mbeidh rogha níos airde ar fáil.

Úsáidfear Roghnú Randamach, más gá, chun idirdhealú a dhéanamh idir iarratasóirí a bhfuil comhphointí acu.

Tar éis glacadh le tairiscint ar-líne, níl aon oibleagáid ar iarratasóir glacadh le tairiscint a dhéanfar ina dhiaidh sin. Féadfaidh sé/sí an tairiscint ar-líne bhunaidh a choimeád trí neamhaird a dhéanamh ar an tairiscint ar-líne iardain.

Tabharfar treoir dóibh siúd ar fad a gheobhaidh tairiscint ar-líne agus ar mian leo glacadh léi. Tabharfar eolas freisin maidir le clárú ar an gcúrsa agus le riachtanais a bhaineann le socruithe a dheanamh faoi thaithí Mhúinteoireachta.

Iarrfar orthu siúd atá ag glacadh le Tairiscint é sin a dhéanamh roimh an sprioclá atá leagtha síos agus earlais a íoc.

Má tá áiteanna fós gan líonadh tar éis an chéad bhabhta tairiscintí, ansin eiseofar tairiscintí sa bhreis nó go mbíonn na háiteanna ar fad líonta. Eiseofar na tairiscintí breise sin roimh dheireadh mhí Bealtaine 2013.

Coiste Neamhspleách Achomhairc

Tá Coiste Neamhspleách Achomhairc ag Ionad na nIarratas ar an Dioplóma Gairmiúil san Oideachas (NUI) agus is féidir leo siúd a mheasann nach bhfuaireadar cothrom na féinne a gcuid gearán a chur faoina bhráid, mura bhfuil na gearáin sin réitithe cheana féin ag Ionad na nIarratas ar an Dioplóma Gairmiúil san Oideachas (NUI). Caithfear achomhairc a dhéanamh laistigh de 14 lá tar éis duit eolas a fháil maidir le Tairiscintí ar-líne agus is ceart achomhairc a sheoladh chuig: An Rúnaí, Coiste Neamhspleách Achomhairc, f.ch. Uimh. 1 Cearnóg Theach na Cúirte, Gaillimh Caithfidh gach achomharc a bheith i scríbhinn agus caithfear doiciméid chuí a sholáthar mar thacaíocht le d'achomharc, agus ní mór don té atá ag déanamh achomhairc é a shíniú. Is gá €64 a íoc le hachomharc a dhéanamh agus gheobhaidh tú an t-airgead ar ais má éiríonn le d’achomharc.

Iarratas a chur ar Athló

The PAC/PDE system does not allow for deferrals.

Gealltanas an Iarratasóra

Bíodh a fhios agat gurb ionann comhlánú na Foirme ar-líne agus a admháil go nglacann tú leis na treoracha agus na coinníollacha go léir atá curtha ar fail ar leathanach gréasáin.

Eolas Easnamhach: Foláireamh

Tá sé de cheart ag na hinstitiúidí ar fad atá páirteach sa chóras seo iarratais nó tairiscintí ar-líne a chur ar ceal sa chás nach gcuirtear an t-eolas ar fad atá iarrtha ar fáil, nó sa chás go bhfuil an t-eolas a chuirtear ar fáil bréagach nó míchruinn.

bheidh Ionad na nIarratas ar an Dioplóma Gairmiúil san Oideachas (NUI) freagrach má theipeann ar iarratasóir pé eolas a iarrtar a chur ar fáil laistigh den am atá leagtha síos.

Foirmeacha Comhlánaithe go hIomlán

Ní mór na doiciméid thacaíochta ar fad i gcomhair d’iarratais a chur isteach le chéile in aon chlúdach amháin le d'uimhir iarratais marcáilte go soiléir orthu; seolfar doiciméid thacaíochta don iarratas a chuirtear isteach ina gceann agus ina gceann ar ais chuig an seoltóir agus ní ghlacfar le haon fhreagracht as iad a chailleadh nó as aon damáiste a dhéantar dóibh.

An Táille Iarratais agus na Spriocdhátaí

 
FeeSprioclá D’IarrataisSprioclá do Dhoicimeid
Gnáth Iarratas€801 Nollaig 20128 Nollaig 2012
Iarratais Dhéanacha€1209 Eanáir 201316 Eanáir 2013