Treoracha maidir le hIarratas ar Staidéar a Mhúintear OÉ Má Nuad

(Moltar do gach iarratasóir na treoracha seo a léamh roimh leanúint ar aghaidh le d’iarratas)

  1. Is ceart duit eolas a chur ar na riachtanais iontrála le haghaidh gach cláir a ndéanann tú iarratas ina leith; tá an t-eolas sin le fáil i réamheolaire reatha Ollscoil na hÉireann, Má Nuad. Is ceart duit, go háirithe, suntas a thabhairt do dháta tosaithe gach cláir agus do na dátaí deireanacha chun iarratais chomhlánaithe a bheith faighte.
  2. Féadfaidh gach iarratasóir iarratas a dhéanamh ar thrí chlár mhúinte.
  3. Ní mór duit cuntas gníomhach ríomhphoist a bheith agat chun an tsaoráid seo a úsáid. Is ortsa atá an fhreagracht as do chuntas a sheiceáil go tráthrialta agus as a chinntiú go bhfuil sé gníomhach agus ag feidhmiú i gceart. I gcás iarratasóirí a úsáideann seoltaí ríomhphoist ar seoltaí gréasán-phoist iad, is ceart dóibh a thabhairt dá n-aire go bhféadfadh sé tarlú, má tá rogha ardleibhéil i bhfeidhm sa chuntas ríomhphoist i dtaca le scagadh dramhphoist de, go ndéanfar teachtaireachtaí ríomhphoist ón Ionad Iarratas Iarchéime, Gaillimh, agus ó Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, a áireamh mar a bheadh dramhphost ann. Ní mór duit an leibhéal scagtha i dtaca le dramhphost de a laghdú nó seoltaí ríomhphoist an Ionaid Iarratas Iarchéime, Gaillimh (noreply@pac.ie), agus Ollscoil na hÉireann, Má Nuad a chur isteach sa liosta seoltaí iontaofa ríomhphoist a nglactar teachtaireachtaí uathu.
  4. Déanfar gach teachtaireacht maidir le stádas d’iarratais a chur chugat le ríomhphost. Is ortsa atá an fhreagracht as a chinntiú go seiceálann tú do chuntas ríomhphoist go rialta chun comhfhreagras den sórt sin a fháil.
  5. Ní mór do gach iarrthóir an uimhir iarratais a lua (8 digit atá i gceist). Beidh sé seo tugtha le linn na staide deireanaí den mhodh iarratais. Beidh an uimhir seo ag teastáil uait chun dul isteach i do chuntas ar an gcóras PAC, chun seiceáil a dhéanamh ar stádas d’iarratais. Ba chóir d’uimhir iarratais a lua ar gach doiciméad bhreise a sheolfaidh tú chuig an Ionad Iarratais Iarchéime.
  6. Non Maynooth University students: Chun d’iarratas a chomhlánú ní mór duit doiciméid tacaíochta i bhfoirm páipéir a chur ar fáil mar fhianaise ar do chuid cáilíochtaí go dtí seo (e.g. Trascríbhinní Torthaí, Inniúlacht Bhéarla), mar aon le haon eolas eile a iarrtar ag deireadh an phróisis iarratais seo. Ní mór cóipeanna de dhoiciméid bhunaidh a bheith deimhnithe mar chóipeanna dílse. Ní féidir doiciméid bhunaidh a sholáthraítear a chur ar ais chugat.
  7. Cuir gach doiciméad chugainn i bhformáid A4 (nó a chomhionann). ní mór doiciméadú a uaslódáil tríd an nasc “My Account” nó é a sheoladh tríd an bpost chuig an Ionad Iarratais Iarchéime, 1 Cearnóg Theach na Cúirte, Gaillimh, Éire. Is ceart go mbeadh an t-eolas seo againn 5 lá oibre tar éis d'iarratas a dhéanamh ar líne agus ní mór é a bheith againn faoin dáta deireanach chun iarratas a dhéanamh ar an gclár a bhfuil iarratas á dhéanamh ina leith. Ní féidir measúnú a dhéanamh ar d’iarratas go dtí go bhfaightear an t-eolas seo agus the application fee is paid.
  8. I gcás doiciméad tacaíochta nó eolais nach féidir leat a chur ar fáil tráth déanta an iarratais (e.g. scrúduithe atá le déanamh fós), may be submitted at a later stage either by uploading via the "My Account" link or by posting chuig an Ionad Iarratais Iarchéime (PAC).
  9. Má tá míchumas ort a choisceann ort an t-iarratas ar líne a chomhlánú, cuir an méid sin in iúl don Oifigeach Iontrála Iarchéime in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, agus déanfar socrú maidir le hiarratas a dhéanamh i bhformáid inrochtana chomhaontaithe.
  10. Tar éis duit na mionsonraí iarratais a iontráil, beifear ag súil go n-íocfaidh tú táille iarratais neamh-inaisíochta €50. Is féidir an íocaíocht sin a dhéanamh le Cárta Creidmheasa (MasterCard/Visa) nó le Cárta Dochair (Laser). Please note non-Irish visa debit cards are not accepted. Más mian leis an iarratasóir iarratas breise a dhéanamh ar chúrsa eile (i.e. múinte nó taighde), beidh a t-iarratas breise seo saor in aisce.
  11. Tabhair do d’aire, le do thoil, go bhféadfadh sé tarlú go mbeifear ag súil go bhfaighidh iarratasóirí ó áiteanna lasmuigh den AE víosa staidéir roimh theacht go hÉirinn chun dul i mbun staidéir. Faoi rialacháin reatha maidir le hinimirce atá ar fáil ón Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, ní féidir víosa staidéir i gcás ina bhfuil clár pairtaimseartha á dhéanamh agat. Más iarratasóir tú as áit lasmuigh den AE agus go bhfuil iarratas á dhéanamh agat ar chúrsa pairtaimseartha, is ortsa atá an fhreagracht as a chinneadh an gá do náisiúnaigh do thíre dúchais víosa staidéir a fháil faoi rialacháin na hÉireann.
  12. Caithfidh mic léinn a fhaigheann cúrsa agus a ghlacann leis, éarlais NEAMH-INAISÍOCTHA €200 a íoc, airgead a bhainfear de na táillí arís.
  13. Ní mór Javascript a chumasú chun an fhoirm iarratais a chomhlánú. Cliceáil anseo le do thoil chun féachaint ar na treoracha.
  14. Is ceart do mhic léinn a mbíonn deacrachtaí teicniúla acu le linn iarratas a dhéanamh dul i dteagmháil le PAC.
  15. Moltar do gach iarratasóir Roinn na gCeisteanna a Chuirtear Go Minic a léamh roimh iarratas a dhéanamh.
  16. Moltar go láidir duit an fhoirm iarratais a shábháil go rialta.
  17. Moltar go láidir duit aon ráiteas pearsanta a chruthú i gcomhad téacs le haghaidh do thaifid féin agus iad a chóipeáil isteach san fhoirm iarratais.