Treoracha maidir le hIarratas ar Staidéar a Mhúintear DCU

  1. Is ceart duit eolas a chur ar na riachtanais iontrála le haghaidh gach cláir a ndéanann tú iarratas ina leith; tá an t-eolas sin le fáil i Réamheolaire reatha DCU. Is ceart duit, go háirithe, suntas a thabhairt do dháta tosaithe gach cláir agus do na dátaí deireanacha chun iarratais chomhlánaithe a bheith faighte.
  2. Ní fhéadfaidh aon iarrthóir ach iarratas amháin a dhéanamh, ach ceadaítear suas go trí rogha a lua san iarratas.
  3. Tar éis duit na mionsonraí iarratais a iontráil, beifear ag súil go n-íocfaidh tú táille iarratais neamh-inaisíochta €50. Is féidir an íocaíocht sin a dhéanamh le Cárta Creidmheasa (MasterCard/Visa) nó le Cárta Dochair (Laser). Please note non-Irish visa debit cards are not accepted. Is féidir íocaíocht a dhéanamh le hAistriú Bainc freisin, N.B le nóta d’ainm an iarratasóra agus Uimhir Iarratais PAC, ach tá muirear breise riaracháin €5 ann i leith íocaíochtaí den sórt sin. Ba chóir go ndéanfadh iarratasóirí íocaíocht ar líne de rogha tríd an nasc slán más féidir mar nach ndéanfar d’iarratas a mheas mura mbíonn an táille faighte. Caithfidh táille iarratais PAC a bheith íoctha agat taobh istigh de 10 lá oibre ón iarratas a dhéanamh NÓ faoi spriocdháta an Chláir, cibé acu is túisce. Ní bhreathnófar ar d’iarratas mura mbeidh an táille íoctha in am agat.
  4. Ní mór duit cuntas gníomhach ríomhphoist a bheith agat chun an tsaoráid seo a úsáid. I gcás iarratasóirí a úsáideann seoltaí ríomhphoist ar seoltaí gréasán-phoist iad, is ceart dóibh a thabhairt dá n-aire go bhféadfadh sé tarlú, má tá rogha ardleibhéil i bhfeidhm sa chuntas ríomhphoist i dtaca le scagadh dramhphoist de, go ndéanfar teachtaireachtaí ríomhphoist ón Ionad Iarratas Iarchéime, Gaillimh, agus ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, a áireamh mar a bheadh dramhphost ann. Ní mór duit an leibhéal scagtha i dtaca le dramhphost de a laghdú nó seoltaí ríomhphoist an Ionaid Iarratas Iarchéime, Gaillimh (noreply@pac.ie), agus Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (registry@dcu.ie) a chur isteach sa liosta seoltaí iontaofa ríomhphoist a nglactar teachtaireachtaí uathu.
  5. Déanfar gach teachtaireacht maidir le stádas d’iarratais a chur chugat le ríomhphost. Is ortsa atá an fhreagracht as a chinntiú go seiceálann tú do chuntas ríomhphoist go rialta chun comhfhreagras den sórt sin a fháil.
  6. Níl an tIonad Iarratas Iarchéime freagrach as measúnú a dhéanamh ar d’iarratas. Déantar d’iarratas a mheasúnú in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.
  7. Agus iarratas á líonadh ba chóir d’iarrthóirí taobh amuigh den AE an méid seo a leanas a thabhairt ar aird:-
    • D’fhéadfadh víosa a bheith ag teastáil ó iarrthóir chun staidéar in Éirinn. Féach láithreán gréasáin na Roinne Gnóthaí Eachtracha.
    • Ba chóir d’iarrthóirí breathnú go grinn ar rialacháin agus treoirlínte na hÉireann maidir le víosa.
    • Má thairgtear áit duit ar chúrsa iarchéime ní chiallaíonn sé sin go bhfaighidh tú víosa staidéir.
    • De réir rialacháin imirce na Roinne ní thabharfar víosa staidéir ar mhaithe le cláir pháirtaimseartha.
  8. Chun d’iarratas a chomhlánú ní mór duit doiciméid tacaíochta i bhfoirm páipéir a chur ar fáil mar fhianaise ar do chuid cáilíochtaí go dtí seo (e.g. Trascríbhinní Torthaí, Inniúlacht Bhéarla), mar aon le haon eolas eile a iarrtar ag deireadh an phróisis iarratais seo. Ní mór cóipeanna de dhoiciméid bhunaidh a bheith deimhnithe mar chóipeanna dílse.
    Documentation a chur leis an bpost chuig an Ionad Iarratais Iarchéime, 1 Cearnóg Theach na Cúirte, Gaillimh, Éire. Ní féidir doiciméid bhunaidh a sholáthraítear a chur ar ais chugat. Ní mór gach doiciméad tacaíochta i bhfoirm páipéir a chur leis an bpost chuig PAC in aon phacáiste amháin agus i bhformáid A4 (nó a chomhionann). Ní mór an t-eolas seo a bheith againn 14 lá tar éis d'iarratas a dhéanamh ar líne agus ní mór é a bheith againn faoin dáta deireanach chun iarratas a dhéanamh ar an gclár a bhfuil iarratas á dhéanamh ina leith (nó, i gcás iarratas a bheith á dhéanamh ar roinnt clár, faoin dáta is luaithe de na dátaí deireanacha chun iarratas a dhéanamh). Tá na dátaí deireanacha chun iarratas a dhéanamh ar gach clár ar leith le fáil in eolaire ar líne DCU. Ní féidir measúnú a dhéanamh ar d’iarratas go dtí go bhfaightear an t-eolas seo. D’fhéadfadh sé tarlú NACH measúnófar d’iarratas más rud é nach soláthraíonn tú do chuid doiciméad roimh an dáta deireanach don Chlár lena mbaineann. Tabhair do d’aire le do thoil nach gá d’iarchéimithe ná do mhic leinn reatha de chuid DCU fianaise ar scrúduithe atá déanta a chur ar fáil. Tá tuilleadh eolais faoin méid sin thuas ar fáil anseo.
  9. I gcás doiciméad tacaíochta nó eolais nach féidir leat a chur ar fáil tráth déanta an iarratais (e.g. scrúduithe atá le déanamh fós), féadfaidh tú iad a chur ar fáil níos déanaí ach iad a chur leis an bpost chuig an Ionad Iarratais Iarchéime (PAC), le d'uimhir PAC marcáilte go soiléir orthu.
  10. Más mian leat eolas breise a chur ar fáil mar thacaíocht le d’iarratas (m.sh. foilseacháin, comhaltais ghairmiúla) is féidir leat é seo a dhéanamh trí ráiteas pearsanta agus CV iomlán mar aon le do dhoiciméadú tacaíochta m.sh CV etc, cóipeanna deimhnithe de thras-scríbhinní, a sheoladh tríd an bpost chuig an Ionad Iarratas Iarchéime (PAC) mar atá leagtha amach thuas.
  11. Ní mór Javascript a chumasú chun an fhoirm iarratais a chomhlánú. Cliceáil anseo le do thoil chun féachaint ar na treoracha.
  12. Is ceart do mhic léinn a mbíonn deacrachtaí teicniúla acu le linn iarratas a dhéanamh dul i dteagmháil le PAC.
  13. Bí aireach le do thoil maidir le cúrsaí slándála agus tú ag logáil amach agus bí cinnte go ndúnann tú na fuinneoga brabhsála ar fad.
  14. Moltar go láidir duit an fhoirm iarratais a shábháil go rialta.
  15. Moltar go láidir duit aon ráiteas pearsanta a chruthú i gcomhad téacs le haghaidh do thaifid féin agus iad a chóipeáil isteach san fhoirm iarratais.