Treoracha maidir le hIarratas ar Staidéar Taighde DCU

Sula ndéanann tú iarratas, ní mór duit rochtain a bheith agat ar na nithe seo a leanas:

  • Ríomhaire agus printéir – Ní mór d'iarratasóirí a n-admháil iarratais a phriontáil ag an gcéim dheiridh den fhoirm iarratais ar líne. Is cruthúnas é sin ar iarratas rathúil.
  • Cárta Creidmheasa/Léasair – Is é €50 an táille iarratais. (I gcás iarratasóirí nach bhfuil ábalta íocaíocht a dhéanamh ar na bealaí seo, tá deis an táille iarratais a íoc ina dhiaidh trí dhréacht bainc nó aistriú díreach bainc. Tá táille breise don deis seo.)
  • Seoladh Ríomhphoist – Ní mór d’iarratasóirí seoladh ríomhphoist bailí a bheith acu chun an áis iarratais ar líne seo a úsáid. Is ortsa atá an dualgas do chuntas a sheiceáil go rialta le haghaidh nuashonruithe.
  • Uimhir PPS - Ní mór d’iarratasóirí Éireannacha a gcuid uimhreacha PPS a bheith acu. (Níl sé seo éigeantach i gcás iarratasóirí nach as Éirinn iad).
  • Uimhir Mic Léinn DCU - Ní mór d’iarratasóirí atá ina gcéimithe reatha/iarchéimithe/mic léinn iarchéime ag DCU an uimhir mic léinn DCU reatha a bheith acu freisin.
  • Cuntas chun Logáil isteach ar PAC – Féach thíos mura bhfuil cuntas chun logáil isteach ar PAC agat cheana féin.
  • Cóipeanna deimhnithe de dhoiciméadú tacaíochta ábhartha, tras-scríbhinní do cháilíochtaí liostaithe, cruthúnas ar Inniúlacht sa Bhéarla, etc.

Do chuntas chun Logáil isteach ar PAC a shocrú suas (úsáideoirí céaduaire amháin):
Is gá d’iarratasóirí atá ina n-úsáideoirí céaduaire cuntas a chruthú sula ndéanann siad iarratas. Téigh chuig an rannán chun logáil isteach ag barr an leathnaigh agus cliceáil ar an nasc cláraigh. Cuir isteach do sheoladh ríomhphoist, do phasfhocal agus do shonraí teagmhála agus cliceáil cuir isteach.

Chun Iarratas Bailí a Chomhlánú:
  1. Tar éis duit na mionsonraí iarratais a iontráil, beifear ag súil go n-íocfaidh tú táille iarratais neamh-inaisíochta €50. Is féidir an íocaíocht sin a dhéanamh le Cárta Creidmheasa (MasterCard/Visa) nó le Cárta Dochair (Laser). Please note non-Irish visa debit cards are not accepted. Is féidir íocaíocht a dhéanamh le hAistriú Bainc freisin, N.B le nóta d’ainm an iarratasóra agus Uimhir Iarratais PAC, ach tá muirear breise riaracháin €5 ann i leith íocaíochtaí den sórt sin. Ba chóir go ndéanfadh iarratasóirí íocaíocht ar líne de rogha tríd an nasc slán más féidir mar nach ndéanfar d’iarratas a mheas mura mbíonn an táille faighte. Caithfidh táille iarratais PAC a bheith íoctha agat taobh istigh de 10 lá oibre ón iarratas a dhéanamh NÓ faoi spriocdháta an Chláir, cibé acu is túisce. Ní bhreathnófar ar d’iarratas mura mbeidh an táille íoctha in am agat.
  2. Ní mór duit cuntas gníomhach ríomhphoist a bheith agat chun an tsaoráid seo a úsáid. I gcás iarratasóirí a úsáideann seoltaí ríomhphoist ar seoltaí gréasán-phoist iad, is ceart dóibh a thabhairt dá n-aire go bhféadfadh sé tarlú, má tá rogha ardleibhéil i bhfeidhm sa chuntas ríomhphoist i dtaca le scagadh dramhphoist de, go ndéanfar teachtaireachtaí ríomhphoist ón Ionad Iarratas Iarchéime, Gaillimh, agus ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, a áireamh mar a bheadh dramhphost ann. Ní mór duit an leibhéal scagtha i dtaca le dramhphost de a laghdú nó seoltaí ríomhphoist an Ionaid Iarratas Iarchéime, Gaillimh (noreply@pac.ie), agus Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (registry@dcu.ie) a chur isteach sa liosta seoltaí iontaofa ríomhphoist a nglactar teachtaireachtaí uathu.
  3. Déanfar gach teachtaireacht maidir le stádas d’iarratais a chur chugat le ríomhphost. Is ortsa atá an fhreagracht as a chinntiú go seiceálann tú do chuntas ríomhphoist go rialta chun comhfhreagras den sórt sin a fháil.
  4. Níl an tIonad Iarratas Iarchéime freagrach as measúnú a dhéanamh ar d’iarratas. Déantar d’iarratas a mheasúnú in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.
  5. Cinntigh le do thoil go mbíonn gach eolas ábhartha agat, teidil na gcáilíochtaí, modh íocaíochta, rochtain ar phrintéir, etc nuair a bhíonn d’fhoirm iarratais á líonadh agat chun próiseáil réidh a chinntiú.
  6. Nuair a bhíonn tú ag cur isteach sonraí faoi do cháilíocht acadúil, déan tagairt do bhlianta acadúla seachas blianta féilire m.sh. chuirfí isteach tosú ar an gcáilíocht i mí Mheán Fómhair 2008 agus é a chríochnú i mí na Bealtaine 2010, mar 2009 – 2010 do na blianta acadúla 2009 agus 2010.
  7. Agus iarratas á líonadh ba chóir d’iarrthóirí taobh amuigh den AE an méid seo a leanas a thabhairt ar aird:-
    • D’fhéadfadh víosa a bheith ag teastáil ó iarrthóir chun staidéar in Éirinn. Féach láithreán gréasáin na Roinne Gnóthaí Eachtracha.
    • Ba chóir d’iarrthóirí breathnú go grinn ar rialacháin agus treoirlínte na hÉireann maidir le víosa.
    • Má thairgtear áit duit ar chúrsa iarchéime ní chiallaíonn sé sin go bhfaighidh tú víosa staidéir.
    • De réir rialacháin imirce na Roinne ní thabharfar víosa staidéir ar mhaithe le cláir pháirtaimseartha.
  8. Chun d’iarratas a chomhlánú ní mór duit doiciméid tacaíochta i bhfoirm páipéir a chur ar fáil mar fhianaise ar do chuid cáilíochtaí go dtí seo (e.g. Trascríbhinní Torthaí, Inniúlacht Bhéarla), mar aon le haon eolas eile a iarrtar ag deireadh an phróisis iarratais seo. Ní mór cóipeanna de dhoiciméid bhunaidh a bheith deimhnithe mar chóipeanna dílse.
    Documentation a chur leis an bpost chuig an Ionad Iarratais Iarchéime, 1 Cearnóg Theach na Cúirte, Gaillimh, Éire. Ní féidir doiciméid bhunaidh a sholáthraítear a chur ar ais chugat. Ní mór go mbeadh an doiciméadú tacaíochta páipéir ar pháipéar de mhéid A4 (nó a chomhionann) agus é a sheoladh chuig PAC in aon phacáiste amháin. Ní mór an uimhir PAC atá sannta duit a chur ar gach doiciméad faoi leith agus ar an gclúdach lasmuigh.
    Ní mór an t-eolas seo a bheith againn 14 lá tar éis d'iarratas a dhéanamh ar líne agus ní mór go dtiocfadh EOLAS isteach faoin dáta taiscthe don chlár sa chorrchás lena mbaineann siad. Sonrófar aon dátaí deiridh i mionsonraí an chúrsa.
  9. I gcás doiciméad tacaíochta nó eolais nach féidir leat a chur ar fáil tráth déanta an iarratais (e.g. scrúduithe atá le déanamh fós), féadfaidh tú iad a chur ar fáil níos déanaí ach iad a chur leis an bpost chuig an Ionad Iarratais Iarchéime (PAC), le d'uimhir PAC marcáilte go soiléir orthu.
  10. Más mian leat eolas breise a chur ar fáil mar thacaíocht le d’iarratas (m.sh. foilseacháin, comhaltais ghairmiúla) is féidir leat é seo a dhéanamh trí ráiteas pearsanta agus CV iomlán mar aon le do dhoiciméadú tacaíochta m.sh CV etc, cóipeanna deimhnithe de thras-scríbhinní, a sheoladh tríd an bpost chuig an Ionad Iarratas Iarchéime (PAC) mar atá leagtha amach thuas.
  11. Ní mór Javascript a chumasú chun an fhoirm iarratais a chomhlánú. Cliceáil anseo le do thoil chun féachaint ar na treoracha.
  12. Is ceart do mhic léinn a mbíonn deacrachtaí teicniúla acu le linn iarratas a dhéanamh dul i dteagmháil le PAC.
  13. Bí aireach le do thoil maidir le cúrsaí slándála agus tú ag logáil amach agus bí cinnte go ndúnann tú na fuinneoga brabhsála ar fad.
  14. Moltar go láidir duit an fhoirm iarratais a shábháil go rialta.
  15. Moltar go láidir duit aon ráiteas pearsanta a chruthú i gcomhad téacs le haghaidh do thaifid féin agus iad a chóipeáil isteach san fhoirm iarratais.