Treoracha maidir le hIarratas ar Staidéar a Mhúintear AE UCC

(Moltar do gach iarratasóir na treoracha seo a léamh roimh leanúint ar aghaidh le d’iarratas)

  1. Is ceart duit eolas a chur ar na riachtanais iontrála le haghaidh gach cláir a ndéanann tú iarratas ina leith; tá an t-eolas sin le fáil i réamheolaire ar líne UCC. Is ceart duit, go háirithe, suntas a thabhairt do dháta tosaithe gach cláir agus do na dátaí deireanacha chun iarratais chomhlánaithe a bheith faighte.
  2. Ní féidir le hiarratasóir ach iarratas AMHÁIN a dhéanamh, agus suas go trí chlár mhúinte a lua ann mar roghanna.
  3. CEISTEANNA FORLÍONTACHA BREISE: Tabhair faoi deara go bhfuil ceisteanna forlíontacha breise le comhlánú do chláir iarchéime mhúinte áirithe. Is cuid ríthábhachtach den nós imeachta iarratais iad na ceisteanna forlíontacha breise do na cláir seo agus ní féidir iarratais ar na cláir seo a chur san áireamh, mura gcomhlánaítear na ceisteanna forlíontacha breise agus d'iarratas ar líne á chur isteach agat. Aibhseofar na ceisteanna forlíontacha breise (leis an gCód Chúrsa) nuair a chuireann tú isteach an cód chúrsa ar d’iarratas ar líne. Caithfidh iarrthóirí cliceáil ar an nasc agus na ceisteanna ábhartha a chomhlánú agus a shábháil. Ní cheadófar d'iarrthóirí a n-iarratas deiridh a chur isteach go dtí go gcomhlánófar na ceisteanna forlíontacha breise ar fad a theastaíonn.
  4. Ní mór duit cuntas gníomhach ríomhphoist a bheith agat chun an tsaoráid seo a úsáid. I gcás iarratasóirí a úsáideann seoltaí ríomhphoist ar seoltaí gréasán-phoist iad, is ceart dóibh a thabhairt dá n-aire go bhféadfadh sé tarlú, má tá rogha ardleibhéil i bhfeidhm sa chuntas ríomhphoist i dtaca le scagadh dramhphoist de, go ndéanfar teachtaireachtaí ríomhphoist ón Ionad Iarratas Iarchéime, Gaillimh, agus ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, a áireamh mar a bheadh dramhphost ann. Ní mór duit an leibhéal scagtha i dtaca le dramhphost de a laghdú nó seoltaí ríomhphoist an Ionaid Iarratas Iarchéime, Gaillimh (noreply@pac.ie), agus Choláiste na hOllscoile, Corcaigh (graduatestudies@ucc.ie) a chur isteach sa liosta seoltaí iontaofa ríomhphoist a nglactar teachtaireachtaí uathu.
  5. Déanfar gach teachtaireacht maidir le stádas d’iarratais a chur chugat le ríomhphost. Is ortsa atá an fhreagracht as a chinntiú go seiceálann tú do chuntas ríomhphoist go rialta chun comhfhreagras den sórt sin a fháil.
  6. Tar éis duit na mionsonraí iarratais a iontráil, beifear ag súil go n-íocfaidh tú táille iarratais neamh-inaisíochta €50. Is féidir an íocaíocht sin a dhéanamh le Cárta Creidmheasa (MasterCard/Visa) nó le Cárta Dochair (Laser). Please note non-Irish visa debit cards are not accepted. Is féidir íocaíocht a dhéanamh le hAistriú Bainc freisin ach tá muirear breise riaracháin €5 ann i leith íocaíochtaí den sórt sin. Más mian leis an iarratasóir iarratas breise a dhéanamh ar chúrsa eile (i.e. múinte nó taighde), beidh a t-iarratas breise seo saor in aisce.
  7. Níl an tIonad Iarratas Iarchéime freagrach as measúnú a dhéanamh ar d’iarratas. Déantar d’iarratas a mheasúnú i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.
  8. Ní mór gach doiciméad tacaíochta (cháilíochtaí neamh-UCC, pár/teastas agus raiteas pearsanta forlíontach más gá) atá le soláthar agat mar chuid den iarratas ní mór doiciméadú a uaslódáil tríd an nasc “My Account” nó é a sheoladh tríd an bpost chuig Ionad Iarratas Iarchéime, Gaillimh.
    N.B. Non-UCC Applicants who are currently completing undergraduate/postgraduate programmes and have not as yet graduated should submit copies of results to date. Cuir gach doiciméad chugainn i bhformáid A4 (nó a chomhionann). Ní gá aon doiciméid tacaíochta a sholáthar i gcás cáilíochtaí a bhronn Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Ní féidir doiciméid bhunaidh a sholáthraítear a chur ar ais chugat (níl ach coipeanna do cháilíochtaí neamh-UCC ag teastail uaidh PAC nuair atá iarratas á dheanamh).
    Ní mór na doiciméid go léir ní mór doiciméadú a uaslódáil tríd an nasc “My Account” nó é a sheoladh tríd an bpost chuig an Ionad Iarratais Iarchéime, 1 Cearnóg Theach na Cúirte, Gaillimh, Éire (taobh istigh de 7 lá ó iarratas ar líne a dhéanamh). Is féidir d’iarratas a fheiceáil ach an t-eolas seo a bheith faighte.
  9. I gcás doiciméad tacaíochta nó eolais nach féidir leat a chur ar fáil tráth déanta an iarratais (e.g. scrúduithe atá le déanamh fós), may be submitted at a later stage ní mór doiciméadú a uaslódáil tríd an nasc “My Account” nó é a sheoladh tríd an bpost chuig an Ionad Iarratais Iarchéime (PAC).
  10. Níl an tIonad Iarratas Iarchéime freagrach as measúnú a dhéanamh ar d’iarratas. Déantar d’iarratas a mheasúnú i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. I bhformhór na gcásanna, ní bhreithnítear iarratais go mbíonn na spriocdhátaí caite. Tá spriocdhátaí gach cláir le feiceáil ar Réamheolaire ar líne Choláiste na hOllscoile, Corcaigh.
  11. NÍ MÓR do gach iarratasóir uimhir 8 bhfigiúr a n-iarratais ar Staidéar Iarchéime a bhreacadh síos agus a choimeád; gheofar an uimhir sin ag an gcéim dheiridh den phróiseas iarratais. Ní mór Uimhir d’Iarratais Iarchéime a bheith marcáilte ar gach doiciméad forlíontach a chuirtear chuig an Ionad Iarratais Iarchéime.
  12. Ní mór Javascript a chumasú chun an fhoirm iarratais a chomhlánú. Cliceáil anseo le do thoil chun féachaint ar na treoracha.
  13. Is ceart do mhic léinn a mbíonn deacrachtaí teicniúla acu le linn iarratas a dhéanamh dul i dteagmháil le PAC.
  14. Moltar go láidir duit an fhoirm iarratais a shábháil go rialta.
  15. Moltar go láidir duit aon ráiteas pearsanta a chruthú i gcomhad téacs le haghaidh do thaifid féin agus iad a chóipeáil isteach san fhoirm iarratais.